Haikiú

Crobhingne: Leathchéad bliain is arú amárach ar a ceathrú tar éis a hocht ar maidin bhreá gréine buí scaoileadh lastas an bháis…

Crobhingne: Leathchéad bliain is arú amárach ar a ceathrú tar éis a hocht ar maidin bhreá gréine buí scaoileadh lastas an bháis anuas ar chathair Hiroshima na Seapáine.

Loisceadh breis agus ochtó míle duine ina mbeatha ar an toirt. Idir sin agus scrios Nagasaki agus a n-iarmhairt nimhe seoladh nach mór ceathrú milliún neach daonna chun na síoraíochta anonn.

Péist gharbh na spéire

Scaoileann a cuid uaignis

READ MORE

Anuas - agus aníos.

Machnamh na gcéadta bliain tugtha chun foirfeachta in aon splanc amháin. Dúradh nach raibh aon dul as. Slánaíonn na mílte bás na mílte beatha!

Líontán an domhain alla

Gabhann snáth de

Ceangailte sa bhuíchinniúint.

Cogadh idir dhá shibhialtacht a bhí ann, go díreach an nós an chogaidh atá ar siúl faoi láthair, mar dhea.

D'éirigh Críost le feirg

Bhuail a bhosa

Chúb an Búda chuige féin.

Fuair an tImpire Dia bás an lá céanna sin, agus is annamh déithe ag fáil bháis d'aon phlimp amháin.

Dhúisigh Dia aniar le mochéirí

Dúirt: "Bíodh solas ann!"

Agus bhí.

Bhí an Enola Gay, ainm eitleán an bháis, 15 soicind déanach ar a thuras dúnmharaithe. Cúig shoicind déag luachmhar do na mílte duine.

Saothar bliana

Turas oíche

Fás aon mhaidne.

Ar dtús, ní fhaca siad an chathair thíos fúthu. Ba chuma cén chathair a bhí thíos fúthu.

Pioctha agus sciomartha

Cleití na néallta

Glanta den saol.

An buachaillín an t-ainm ceana a bhí acu ar an mbuama, an buachaillín bán.

Cíorann an ghrian

Gruaig na scamall

Teicheann míolta.

Gnáthshaol ghnáthdhaoine a bhí á chaitheamh ag na Seapánaigh sin freisin. Daoine ar mo nós, ar do nós féin, nó sin is dóigh linne. .

Mná óga ag dul thar bráid

Deirge na fola faoi chaipíní a súl

An Lúnasa chugainn arís.

I Músaem na Síochána in Hiroshima tá an scáil úd ar lic an dorais, scáil an duine a greanadh ar chloich le fórsa.

Bás ar eite

Tuirlingt ghasta

Scáil ar leaca.

Dúirt an píolóta Paul Tibbets go ndéanfadh sé arís é agus déanaimis arís é. Bhí Margaret Thatcher sásta buamáil núicléach a úsáid in aghaidh na hAirgintíne. Tá "mionbhuamaí" núicléacha á réiteach faoi láthair ag Impire an Domhain le húsáid in aghaidh lucht na dtúáillí. Bhagair an tSín go mbainfeadh siad leas astu in aghaidh an Impire dá ndrannfadh sé in aon chor le Taiwan.

Péacann an luaithreach

Ar ghile sráide

Pósadh spéire.

Tá rás an bháis faoi lánseol arís. Agus is gean le daoine é. Ná bac an bladar faoi shíocháin agus dea-thoil agus bráithreachas agus an stuif laglúbach sin go léir.

Múchtar grian

Smúdtar beatha

Lastar abhainn.

Bhí i gceist go n-úsáidfí an buama ar an nGearmáin ar dtús. Ní móide go raibh mórán Beirlineach a bhí buíoch gurbh iad na Rúisigh a shroich an chathair i dtosach...

Imríonn an fhuaim

Folach bíog leis an gciúnas

Ní aimsítear í.

Agus ní fíor nach raibh rogha acu. B'é an rogha saighdiúirí Meiriceánacha nó sibhialaigh de chuid na Seapáine.

Fásann méara

Ar na brící teo -

Síneann ingne.

Má tá de cheart agat sibhialaigh a loscadh, ní féidir locht ar bith a fháil ar bhuamáil Falluja, Bhéal Feirste, Groisní, Dresden, Bhaile Átha Cliath, Nua Eabhrac, Hanoi, Maidrid, Vársá...

I lár lonradh an tsamhraidh

Gearrann an bhearna mhíl

Beola an tsaoil.

Bhítí ag guí ag deireadh an Aifrinn ar son iompáil creidimh na Rúise. Cá bhfios, b'fhéidir go n-oibreodh a leithéid arís?

Sagart ag guí

Ar son na síochána

Ligeann sé casacht.

"Lá gréine na blaisféime, shéideamar Hiroshima"; Lá gréine eile blaisféime, séidfear an saol seo. Ansin

Ní sheolfaidh na géanna fiáine

Os ár gcionn níos mó

Ná cadhan aonraic.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar