Grianghraf na nGael

Tá an t-eagras, Colmcille, i ndiaidh comórtas nua grianghrafadóireachta a bhunú agus duais €3,000 ag dul leis.

Tá an t-eagras, Colmcille, i ndiaidh comórtas nua grianghrafadóireachta a bhunú agus duais €3,000 ag dul leis.

"Saol na nGael" is ainm don chomórtas agus is ag iarraidh íomhánna as Gaeltacht na hÉireann nó na hAlban a mhealladh atá Colmcille, eagras a bunaíodh leis an oidhreacht Ghaelach idir Éirinn agus Albain a chur chun cinn. Beidh an comórtas ar siúl go dtí mí Mheán Fómhair agus cuirfear rogha de ghrianghraif ar taispeáint i nDoire le linn Oireachtas na Gaeilge. Grianghraif a léiríonn "bríomhaireacht, saibhreas agus suntas na ndaoine agus an tírdhreacha sa Ghaeltacht nádúrtha, tuaithe agus uirbeach nua in Éirinn agus in Albain" atá á lorg. Eolas: www.colmcille.net