Gradam scannain

Bhronn príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, €3,000 agus trofaí ar an ghearrscannán Gaeilge ab'fhearr i bhFéile…

Bhronn príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, €3,000 agus trofaí ar an ghearrscannán Gaeilge ab'fhearr i bhFéile Scannán Chorcaí, An Díog is Faide leis an stiúrthóir, Hugh Farley.

Ba é an chéad uair gur bronnadh duais ar ghearrscannán Gaeilge le linn na féile.Dúirt Ó Coileáin gur tionscnamh bisiúil a bhí sa scannánaíocht Ghaeilge agus gurchruthaigh sí fostaíocht agus siamsaíocht don phobal.

Comóradh a bhí sa ghradam den bhaint a bhí ag an eagras féin le cúrsaí scannánaíochta thar na blianta.