Gradam drama

Ba chuí gurbh é an tAire Cosanta, Micheál Mac Gabhann, a roghnaíodh chun Gradam na hAmharclainne a bhronnadh in Áras Fhoras na…

Ba chuí gurbh é an tAire Cosanta, Micheál Mac Gabhann, a roghnaíodh chun Gradam na hAmharclainne a bhronnadh in Áras Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath, an tseachtain seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Iaroifigeach de chuid Arm na hÉireann, is ea Gearóid Mac Unfraidh, an té a bhuaigh an gradam (trófaí agus €2,000) as an dráma Geasa agus is é an Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta a eagraíonn an comórtas.

Dúirt moltóirí an chomórtais, Lorcán Ó Riain agus Síle Nic Chonaontaigh, gur thug sé "léargas an-suimiúil ar shaol na saighdiúirí Éireannacha a throid sa bhFrainc le linn an chéad chogaidh dhomhanda".

Baill de na Connaught Rangers na príomhcharachtair sa dráma agus díríonn an saothar ar an drochíde a fuair siad in arm na Breataine agus ar an tionchar a bhí ag imeachtaí sa bhaile, Éirí Amach 1916 agus Cogadh na Saoirse, orthu.

READ MORE

Tar éis do na léirmheastóirí na scripteanna a léamh, tugtar cuireadh do na húdair athscríobh nó athchóiriú a dhéanamh ar a saothar agus é a chur isteach arís. I gcás dráma a bhfuil ardchaighdeán bainte amach aige déantar sparánacht a thairiscint don údar chun forbairt a dhéanamh air. Mhol Ó Riain an éagsúlacht mothúchán agus meoin i measc na gcarachtar i ndráma Mhic Unfraidh: "Tá tuiscint chruinn pholaitiúil ag na saighdiúirí agus tá siad ábalta a gcuid tuairimí a phlé gan reitric, gan baothlaochas."