Grúptinc

CROBHINGNE: CHUIR AN tÚdarás Craolacháin i leith RTÉ sa bhreithiúnas a dhein siad ar an gclár náireach A Mission to Prey go …

CROBHINGNE:CHUIR AN tÚdarás Craolacháin i leith RTÉ sa bhreithiúnas a dhein siad ar an gclár náireach A Mission to Prey go rabhadar ciontach i ngrúptinc, nó sa sluamhachnamh.

Ba dhóigh leat orthu gur chúis iontais ba ea é sin nuair is léir don bhodhar gurb é sin a stiúraíonn an saol.

Glúin ó shin bhí ceannaire ar Pháirtí an Luch Oibre ag maíomh gur Caitliceach i dtosach é, agus saoránach de chuid na tíre ina dhiaidh sin. Anois, tá ceannaire ar an bpáirtí sin ar Frankfurter sa chéad áit é agus atá breá sásta an Eaglais Chaitliceach a bhualadh nuair atá sí thíos.

Corradh is scór bliain ó shin bhí sé réabhlóideach, agus misniúil, agus go fiú dána dul ag pleancadh na heaglaise. Is beag rud is truamhéalaí anois ná daoine ag ligean orthu go bhfuil siad ag dul in aghaidh stuif agus an institiúid chéanna a stialladh as a chéile, go háirithe toisc é a bheith déanta chomh cumasach í féin.

READ MORE

Ní hé nach bhfuil an fíoch tuillte ag an eaglais lena cuid rúndachta, a cuid ganfhiosaíochta, an cheilt, an chosaint, go háirithe leis na scanaill is déanaí. Má tá rud ar bith fíor, is é nár nochtadh dóthain feirge agus uafáis ina leith agus gur trua nach bhfuil Dante againn a chuirfeadh sa chiorcal is faide in íochtar an Ifrinn aige iad siúd a bhí agus atá ciontach.

Ach tá an eaglais eile ann chomh maith. An eaglais atá ag síorobair ar son na mbocht agus ar son cearta daonna is nach séideann aon trumpaí ná nach ngabhann ag buabhallóireacht faoina ndéantar. Ní hí sin eaglais na hataí grinn ná na n-ornáidí óir ná na fáinní le pógadh, ach an eaglais a ghabhann timpeall go ciúin ag cabhrú le daoine agus ag caint ar rudaí neamhfhaiseanta ar nós cothromaíocht, agus carthanacht, agus cineáltas, agus cumann idir daoine.

Eaglais na gcuarán deannaigh in ionad eaglas na slipéirí síoda. Eaglais na haigne sóisialta seachas an dlí chanónda, na scéalaíochta seachas na diagachta. An eaglais a raibh an úsaireacht mar pheaca ann uair amháin, an eaglais a dhíbir na malartóirí airgid as an dteampall...

Dá mbeadh leabhar simplí síceolaíochta léite agam – agus n’fheadar an bhfuil cineál ar bith eile ann – thuairimeoinn gur droch-choinsias atá ag piocadh an Luch Oibre, óir, bhí tráth ann nuair a dhéanadh siad feacadh glúine i dtreo na gcúraimí a bhfuil eaglais na haigne sóisialta sáite iontu.

Gabhadh sa sluamhachnamh céanna iad leis an gcuid eile den tír nuair a bhí an puisín Ceilteach á ramhrú féin agus bhí siad chomh breá sásta leis an gcaipitealaí is beathaithe amuigh é a stuáil le hairgead neamhréalach nach raibh againn.

Tá sluamhachnamh áirithe i measc na meán chomh cinnte is atá púdar i nDoire. Chomh fada siar leis an gcéad reifreann ar an gcolscaradh in 1986 bhí formhór na nuachtán náisiúnta agus an chuid is mó den chabaireacht ar an aer ar a shon, cé gur diúltaíodh dó. Mar a chéile leis an gcéad shnap ar na reifrinn Nice agus Liosbóin, ar diúltaíodh dóibh chomh maith céanna.

Tá siad, leis, ar son na chéad iarrachta ar an reifreann nua seo, agus cuirfidh mé mo chip is mo mheanaithí is mo thuirnín lín air nach bhfaighimid eagarfhocal ar bith uathu a mholfaidh dúinn cur suas do na bancéirí agus don lucht slaiseála le corráin.

Nuair a bhí pianós corpartha i bhfeidhm sna scoileanna níor rith sé le haon duine go raibh rud ar bith bunoscionn le seacht gcineál bualtraí a leadradh as buachaill nach raibh na seacht bpeaca mharfacha ar bharr a ghoib aige; anois agus faoi láthair níl cead ag an múinteoir go fiú is píosa cailce a raideadh le maistín.

Ní rófhada ó shin ó bhí caitheamh an tobac ar an ngnás ba réchúisí faiseanta ar bith agus d’fheictí scannáin trí chiach ceo; díbrítear lucht óil toitíní isteach sna cúinní lasmuigh d’fhoirgnimh anois amhail is go raibh aicíd thógálach éigin orthu. Bhí an sclábhaíocht go breá críostúil tráth dá raibh, ach tá amhras éigin anois air sa chuid is mó den domhan.

B’é an sluamhachnamh a thug ar an mbóthar seo sinn. An gasra do-áirithe sin de bhaincéirí, pholaiteoirí, chuntasóirí, airgeadóirí, thógálaithe, eacnamaithe, iriseoirí, dhlíodóirí a raibh sé de chúram orthu a mbeatha a bhaint amach lena meabhair, b’iad a bhí ar aon intinn go docht. Nuair a chacann gé, cacann siad go léir. Níor lú leo ná drochseaimpéin smúiríneach beag achrannach ag oscailt a bhéil d’fhonn aontas an tsluamhachnaimh a bhriseadh.

Níl sa sluamhachnamh a léirigh RTÉ sa chás seo ach fríd bheag de ghalar atá go forleathan ar fud na críche. Nuair atá an bhuntuairim neamhráite chéanna ag cách, faire, faire!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar