Glor an Chlair

Is í Inis, Co an Chláir, a bhuaigh príomhdhuais Ghlór na nGael don bhliain 2002, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is í Inis, Co an Chláir, a bhuaigh príomhdhuais Ghlór na nGael don bhliain 2002, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is iad Sciobairín, Co Chorcaí, Baile Ghib, Co na Mí, Inis Meáin, Co na Gaillimhe agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste buaiteoirí na nduaiseanna réigiúnda agus is é Doire a bhuaigh duais na mBuaiteoirí don tríú bliain as a chéile.

Ba í Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, a bhronn na duaiseanna ag ócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé Luain. Agus í ag tagairt do bhuaiteoirí Chúige Uladh, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, dúirt an tUachtarán dá mbeadh an coiste sin i mBéal Feirste nuair a bhí sí féin ag fás aníos go mb'fhéidir nach mbeadh uirthi cúig bliana dá téarma a chaitheamh "ag stracadh leis an tuiseal ginideach".

Rinne cathaoirleach Choiste Ghlór na nGael na hInse, Domhnall Ó Loingsigh, cur síos ar a gcuid oibre sa chontae. Ó cuireadh tús leis an togra "An Clár as Gaeilge", bhí deis acu "dul i bhfeidhm ar an bpobal trí chóras páirtnéireachta comhordaithe a thabharfadh gach aicme den phobal isteach san obair".

READ MORE

Ba í seo an chéad ócáid oifigiúil a bhí ag cathaoirleach nuacheaptha Ghlór na nGael, an Dr. Máire Ní Annracháin, léachtóir i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Ghabh sí buíochas le Helen Ó Murchú a bhí ina cathaoirleach roimpi. Le linn chathaoirleacht Uí Mhurchú rinneadh cuideachta chláraithe de Ghlór na nGael. Beidh an fhoireann ag aistriú amach as an oifig in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge go hoifig nua i Lána Herbert, Baile Átha Cliath, i gcionn roinnt seachtainí.