Glaschu na nGael

Tá grúpaí teanga in Éirinn agus in Albain ag teacht le chéile Dé hAoine 11ú agus Dé Sathairn 12ú Feabhra, le "Glaschú na nGael…

Tá grúpaí teanga in Éirinn agus in Albain ag teacht le chéile Dé hAoine 11ú agus Dé Sathairn 12ú Feabhra, le "Glaschú na nGael" a dhéanamh den chathair Albanach.

Is iad Iomairt Cholm Cille, SULT, club Gaeilge Bhaile Átha Cliath, An Lóchran, eagraíocht Ghàidhlig i nGlaschú, Conradh na Gaeilge, Glaschú, agus Am Bothan, Club Gàidhlig Dhùn Èideann atá taobh thiar den tionól.

Is é is cuspóir le Glaschú na nGael áit chaidrimh a dhéanamh den chathair do lucht an dá Ghaeilge. Cuirfear tús ar na himeachtaí ag 9 p.m. Dé hAoine 11ú Feabhra in Ionad na Píobaireachta, sráid MhicPhater, Glaschú.

Beidh buaiteoir Chorn Uí Riada, Gearóidín Bhreathnach, an damhsóir óg sean-nóis, Maighréad Ní Chuaig, agus ceoltóirí óga as Albain, i láthair.

READ MORE

Beidh seans ag rannpháirtithe teanga a chéile a fhoghlaim. Beidh ranganna Gàidhlig ar fáil do chainteoirí Gaeilge nach bhfuil aon Ghàidhlig acu, agus do dhaoine a bhfuil beagán eolais acu ar an Ghàidhlig.

Beidh an deis chéanna ag cainteoirí Gàidhlig Gaeilge na hÉireann a fhoghlaim. Mairfidh na ranganna ó 10 a.m. go 4 p.m. Dé Sathairn, 12ú Feabhra.

Tá roinnt sparántachtaí ar fáil agus cuirfidh Iomairt Cholm Cille fáilte ar leith roimh iarratais ó mhic léinn.

Eolas: 048-90238293 nó ccille.ultach@cinni.org