Glúin deiridh ag labhairt ar an teilifís arís

Tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag athchraoladh an fheachtas fógraíochta teilifíse, An Ghlúin Deiridh?, an…

Tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag athchraoladh an fheachtas fógraíochta teilifíse, An Ghlúin Deiridh?, an mhí seo de bharr gur éirigh leis an chéad bhabhta fógraí a sprioclucht féachana a bhaint amach go héifeachtach.

Cosnóidh an feachtas €150,000 agus is ar dhaoine óga idir 15 agus 24 bliain d'aois atá sé dírithe. Is é cuspóir na bhfógraí cur i gcuimhne do dhaoine óga sa Ghaeltacht go bhfuil an teanga luachmhar.

Craoladh an feachtas den chéad uair idir mí na Nollag 2005 agus mí Eanáir 2006. De réir taighde a rinneadh thar ceann na Roinne, cheap 93 faoin gcéad de dhaoine óga gur chuir an feachtas béim ar an ról a d'imir cainteoirí dúchais Gaeilge i gcaomhnú na teanga; cheap 88 faoin gcéad acu go spreagfadh an feachtas iad chun smaoinimh ar a dteanga dhúchais a labhairt agus cheap 84 faoin gcéad acu go ndearna na réaltaí spóirt agus teilifíse a bhí páirteach san fheachtas - an peileadóir Dara Ó Cinnéide, an t-aisteoir Gavin Ó Fearraigh agus an láithreoir teilifíse, Síle Seoige - difear mór don fhógra.

Craolfar na fógraí ar RTÉ1, Network 2, TV3, TG4, E4, MTV, Sky 1, Sky News agus Sky Sports. Lena chois sin, tá an Roinn ag cur cóip den fhógra go meánscoileanna Gaeltachta le go gcuirfí le béim an fheachtais.

READ MORE

Dúirt roinnt daoine óga a ceistíodh i ndiaidh an chéad fheachtais gur thaitin na fógraí leo; gur chuir siad a ndualgas i leith na teanga i gcuimhne dóibh agus go raibh blas nua-aimseartha orthu.

Dúirt an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív: "Tá an tionscnamh seo ag teacht le tionscnaimh eile a thug mo Roinn isteach ar na mallaibh d'fhonn an Ghaeilge a threisiú a thuilleadh sa Ghaeltacht. Tá campaí samhraidh Gaeltachta agus soláthar cúntóirí teanga i scoileanna ar dhá shampla eile de straitéis mo Roinne atá dírithe ar úsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta a spreagadh."