Glórtha Ultacha

NÍ FADA anois go mbeidh deireadh le cúpla bliain oibre de chuid Róise Ní Bhaoill, feidhmeannach leis an Iontaobhas ULTACH. Seolfar…

NÍ FADA anois go mbeidh deireadh le cúpla bliain oibre de chuid Róise Ní Bhaoill, feidhmeannach leis an Iontaobhas ULTACH. Seolfar leabhar nua dá cuid, Ulster Gaelic Voices: Bailiúchán Doegen 1931 (Iontaobhas ULTACH) anocht i mBéal Feirste.

Leabhar dátheangach atá ann a bhfuil beagnach 400 leathanach ann agus dhá dhlúthdhiosca ina gcluintear cuid de na cainteoirí dúchais deireanacha as Tír Eoghain, Ard Mhacha, Aontroma, An Chabháin, Dhoire agus Lú agus cainteoirí dúchais as ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall nach maireann níos mó.

Bhailigh Wilhelm Doegen na scéalta atá sa chnuasach ar chuireadh ó rialtas na hÉireann in 1931 agus bhí an t-ábhar faoi chúram Acadamh Ríoga na hÉireann ó shin.

D'éist Ní Bhaoill leis an taifeadadh agus rinne rogha d'ábhar a thabharfadh léargas ar bhlas agus úsáid na Gaeilge mar a labhraíodh í ar fud Chúige Uladh ag an am.

Dúirt sí gur thug an t-ábhar cur síos "luachmhar" ar shaibhreas teanga, ar mheath teanga agus ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir na canúintí éagsúla sa Tuaisceart.

Creideann sí go mbeidh an t-iomlán ina acmhainn luachmhar ag scoláirí teanga agus béaloidis. Siocair go bhfuil sí ag iarraidh go mbainfear oiread úsáide as an leabhar agus is féidir, tá intreoir agus gach píosa le léamh i nGaeilge agus i mBéarla.

Beidh an seoladh sa Black Box, Hill Street, Béal Feirste, ag 6pm anocht.

Eolas: eolas@ultach.org