Glór Dobhair

COMHARCHUMANN FORBARTHA Ghaoth Dobhair a thug an chéad áit leo i gcomórtas bliantúil Ghlór na nGael

COMHARCHUMANN FORBARTHA Ghaoth Dobhair a thug an chéad áit leo i gcomórtas bliantúil Ghlór na nGael. Bronnadh €50,000 agus trófaí orthu as cur chun cinn na Gaeilge ar ócáid in Óstán Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, Dé Sathairn.

Dúirt ceannaire Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, go mbeadh na blianta amach anseo “deacair don tír agus do gach uile earnáil inti. Ní eisceacht í earnáil dheonach phobal na Gaeilge. Beidh sí chomh seiftiúil agus chomh fiontraíoch is bhí riamh, nó níos seiftiúla agus níos fiontraí ná riamh roimhe seo”.

BEIDH EUROPUS/GMIT ag reáchtáil cúrsa oiliúna lánaimseartha dhá mhí ar aistriúchán cáipéisí dlí agus cáipéisí eile stáit i gConamara mí Iúil agus mí Lúnasa na bliana seo. Glacfaidh siad le céimithe le caighdeán ard Gaeilge agus Béarla agus céimithe le cáilíocht sa dlí. Tá an cúrsa le freastal ar an éileamh atá ann le hábhar a aistriú de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas oifigiúil oibre bheith ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Eolas: 091-572082 nó eolas@europus.ie