Giota páir

 

OIREANN SÉ don phobal go ndéanfaí comóradh ar dhaoine táscúla agus ar imeachtaí stairiúla de réir na mblianta cuimhneacháin a scuabann chugainn.

Is iad beathaisnéis bhog na huaire agus stair éadrom ár linne iad. Caoi iad le cré a ghlanadh de ghimseán na cuimhne i gciúnas séimh an lae seo. Bhí sioscadh mór ann nuair a maíodh go raibh Corcaigh agus Baile Átha Cliath 500 bliain nó 1000 bliain d’aois faoi seach, fág gur sine go mór iad ná sin. Bhí staraithe ann nach bhfuair laetha saoire ná codladh na hoíche nuair a bhíothas ag athscríobh stair 1798 arís eile. Níorbh ionann an chabaireacht timpeall ar Acht na hAontachta ina dhiaidh sin, agus d’imigh cuimhne Phlandáil Uladh tharainn mar a rachadh smaoineamh pholaiteora le gaoth ag binse fiosraithe.

B’fhéidir go gcuireann sin ar fad fál cainte idir sinn agus ár gcrá, ach an eol dúinn cá rachaimid i mbliana ag iarraidh foscaidh ón earra malairteach fáin? Is ea, fuair Leo Tolstoi bás céad bliain ó shin, agus beidh caint air go deo déanach. An Rúiseach eile sin, Anton Chekov, rugadh céad is a caoga bliain ó shin é, agus d’fhág a lorg faraoir géar ar an ngearrscéal Éireannach. Chrom Paul Henry ar a bheith ag dearadh spéartha Acla 100 bliain ó shin, leis, agus is mó saoránach a chuireann cártaí poist chun a gcairde in Ostend agus Paris chun na léithe síoraí a chur i gcuimhne dóibh. Agus tá 400 bliain ann ó fuair an péintéir clúmhail Caravaggio bás, ní fios conas, ná cathain, ná cén dóigh.

Saol corrach le coinnle corra ag lasadh na slí is ea a chaith Caravaggio. B’é a bhí achrannach, cointinneach, lán de mhustar, is den bhéal mór. Ní raibh sé riamh ar thaobh an dídin den phéin is den pháis. Fuadar a bhí faoi gach bliain dá shaol, gleo aige, is caint ard.

Cuireadh dúnmharú ina leith, agus b’fhéidir an ceart an t-am seo ag na húdaráis. Ag dul chun doircheachta a bhí a chuid ealaíne riamh anall agus ní raibh i dtaitneamh gréine sa tuirlingt bhán ina chuid pictiúr ach réamhinsint ar dhícheannadh nó ar choir álainn éigin.

Solas sin Caravaggio, leithscéal a bhí ann chun gurbh fhearr a d’fheicfí an doircheacht. Solas Mháirtín Uí Dhireáin, b’ann dó leis an doircheacht ar fad a cheilt. Mar a tharla, de thimpist ghlanseansúil, is amhlaidh gur saolaíodh Máirtín 100 bliain ó shin i mbliana.

Is ea, rugadh agus tógadh é i mbrothall lae agus an órmhuir mhall amuigh ansin idir é agus léas na beatha. Súilíní gréine in íochtar díthrá agus é ag coigilt aithinní a aislinge don turas fada beatha a bhí roimhe amach.

Den earrach thiar sin, dá chuid tinte cnámh is laetha meala, dhein sé snáth geal filíochta atá ina ród solais romhainn, nó neachtar acu, ina rópa cnáibe dár dtachtadh, ag brath ar cé tú féin, agus cad tá uait.

Tá an Direánach mór á chomóradh ag Scoil Gheimhridh Mherriman (www.merriman.ie) an deireadh seachtaine seo agus is cinnte go dtabharfar a cheart dó.

Is aoibhinn liom féin an teanga ghlinn ghlé a chleacht sé, an éascaíocht friotail, an tsiúráil réidh. Is pléisiúr dom é a léamh, agus b’fhéidir gur leor sin.

Ina choinne sin thall, bhí amhras riamh orm maidir leis an stoiteachas sin aige. B’é a thuig sé le stoiteachas ná daoine a raibh a gcuid préamhacha bainte as an úir acu. Buaileadh isteach im aigne fadó gur bhain préamhacha le meacain agus le prátaí. Samhail de ghlasra a thugann sé dúinn, agus is mó is dual don duine a bheith siúlach ar na bóithre fada bána. Ionann a bheith stoite agus cead siúil, cead do chos a bheith agat.

B’amhrastúla fós mé maidir leis an gcathair fhalsa. Níl an baile mór aon phioc níos falsa ná an tuath, agus níorbh fhearr liom a bheith im bhuachaillín bó ná im ghiolla gan chathair. Portaireacht í seo a bhí ag an gcléireach bainc úd, T.S. Eliot, ach ní heol dúinn gur dhein sé aon iarracht chuthaigh ar an gcathair fhalsa chéanna a thréigean agus dul síos i measc na ngabhar.

Dhein Máirtín Ó Direáin gaisce maidir le filíocht na Nua-Ghaeilge a stoitheadh óna préamhacha féin. Is é oighear an scéil é, mar sin, go mbeadh sé éilitheach ar na préamhacha eile sin a bhí ag dreo chomh mear le heasnacha seanchuraí san Iarthar cianda.

San chathair fhalsa is mó a glacadh leis i measc daoine a shíl nach raibh an saol a bhí á chaitheamh acu ionraic go leor. An iomad den fheisteas caointe dubh atá i ngiotaí páir litríocht na haoise seo caite, agus b’fhearrde an scríbhneoireacht an cliabh sin a chaitheamh dá droim.

Mo ghreidhn iad an stoiteachas agus an chathair fhalsa! Déantar iad a chomóradh le trumpaí geala práis chomh binn céanna.