Gilmore Gaelach

SEASFAIDH PÁIRTÍ an Lucht Oibre leis an Ghaeilge mar ábhar riachtanach Ardteiste, a chreideann Conradh na Gaeilge.

SEASFAIDH PÁIRTÍ an Lucht Oibre leis an Ghaeilge mar ábhar riachtanach Ardteiste, a chreideann Conradh na Gaeilge.

Dúirt ardrúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, gur dheimhnigh ceannaire an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, don Chonradh go gcoinneodh a pháirtí an Ghaeilge mar phríomhábhar Ardteiste.

Reáchtáil an t-eagras teanga agus an brúghrúpa Guth na Gaeltachta cruinniú i nGaillimh Dé hAoine le tábhacht na hArdteiste don Ghaeilge a chur ar a súile do pholaiteoirí.

Dúirt de Spáinn go leanfaí ar aghaidh leis an fheachtas seo mar gur ghá tacaíocht na bpáirtithe polaitiúla a fháil ar an cheist.

READ MORE

Dúirt urlabhraí thar ceann Ghuth na Gaeltachta, Éamonn Mac Niallais, gur chóir go “gcoinneofaí an Ghaeilge mar chroí-ábhar don Ardteist a ndéanfadh gach mac léinn staidéar uirthi agus go n-athrófaí an tslí a mhúintear agus a fhoghlaimítear an Ghaeilge go suntasach”.