Gaschaint

Is minic deacracht ag tuismitheoirí smaoineamh ar an fhocal nó an leagan ceart agus iad ag labhairt Gaeilge lena bpáistí. Ba…

Is minic deacracht ag tuismitheoirí smaoineamh ar an fhocal nó an leagan ceart agus iad ag labhairt Gaeilge lena bpáistí. Ba mhór an cúnamh dóibh an pacáiste, Gaschaint a seoladh le foilseacháin eile an Ghúim i bpríomháras Fhoras na Gaeilge le déanaí.

D'fhás an smaoineamh don phacáiste seo as scéim a thosaigh i Scoil Naithí i nDún Droma in 1995. Is í Una Lawlor, tuismitheoir sa scoil a thosaigh agus a d'eagraigh í. Thuig sí na deacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí: "Nuair a bhí na páistí an-óg bhí mé ag dul thart agus claibhtín i lámh amháin agus foclóir i lámh eile."

Ach bhí an t-ádh uirthi gur cainteoir dúchais a fear céile, an t-amhránaí cáiliúil Peadar Ó Ceannabháin, agus go leor cúnaimh le fáil aici ó ghaolta agus chairde. Agus a páistí ag freastal ar Scoil Naithí chonaic sí tuismitheoirí nach raibh an cúnamh sin acu.

D'iarr sí ar thuismitheoirí a raibh Gaeilge líofa acu cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí eile a bhí ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Gaeilge. D'eagraigh sí na tuismitheoirí i bpéirí agus rinne iarracht beirt den chanúint chéanna a chur le chéile.

READ MORE

Theastaigh uaithi ón tús go gcuirfí béim ar fhoghraíocht cheart agus ar rithim na teanga. Rinne sí amach liosta ábhar a bhain le saol an bhaile agus le saol na scoile agus chuir sí abairtí agus focail, a bhailigh sí ó thuismitheoirí, mhúinteoirí agus stiúrthóirí naíonraí, ar fáil ar bhileoga.

Canúint Chúige Chonnacht atá aici féin, ach tar éis tamaill, thuig sí go mbeadh uirthi freastal ar na trí phríomhchanúint chun go dtuigfeadh na foghlaimeoirí bealaí difriúla bheith ann chun rudaí a rá.

Tá sí thar a bheith sásta leis an phacáiste snasta atá curtha ar fáil ag an Ghúm, ina bhfuil lámhleabhar maisiúil le habairtí úsáideacha do gach ócáid, go fiú don lá a thagann an páiste abhaile agus "uibheacha beaga" ina chuid gruaige.

Tá cluichí le himirt ag cóisir lá breithe agus sé dhlúthdhiosca ar a bhfuil ábhar an lámhleabhair á chur i láthair ag cainteoirí oilte sna canúintí éagsúla. Tá treoir maidir le Gaschaint a thosú i scoil agus foirm shamplach a d'fhéadfaí a chur amach chuig tuismitheoirí. Tá an pacáiste iomlán ar fáil ón Ghúm ar €30.