Ganntanas scríbhneoirí teilifíse sa Tuaisceart

TÁ TG4, BBC Tuaisceart Éireann agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i mBéal Feirste ar lorg scríbhneoirí Gaeilge atá ina gcónaí…

TÁ TG4, BBC Tuaisceart Éireann agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i mBéal Feirste ar lorg scríbhneoirí Gaeilge atá ina gcónaí sa Tuaisceart le páirt a ghlacadh i scéim úrnua i scríbhneoireacht scripte don teilifís. Suas go seisear scríbhneoirí atá á lorg, a dúirt ceannasaí an chiste, Áine Walsh.

Dúirt sí go raibh an scéim le bunú mar go raibh “deacrachtaí ann teacht ar scríbhneoirí Gaeilge don teilifís, go háirithe sa Tuaisceart. Sa scéim seo, táthar ag súil go mbeadh thart fá sheisear Gaeilgeoirí ag fáil oiliúna ó léiritheoirí agus ó eagarthóirí scripte ag a bhfuil réimse leathan taithí acu sa scríobh don teilifís.

“Ag deireadh na scéime, ba mhaith linn go mbeadh script forbartha, réidh le dul i mbun léiriúcháin ag gach aon rannpháirtí. Ina dhiaidh sin, bheinn ag súil go n-aimseofaí comhlacht léiriúcháin leis na scripteanna seo a léiriú agus go bhfeicfí na drámaí ar TG4 agus BBC Tuaisceart Éireann.”

Dúirt sí gurbh iontach an rud é dá n-éireodh leis an tseisear ionas go mbeadh siad ábalta “leas a bhaint as an taithí scríbhneoireachta sin amach anseo i léiriúcháin Ghaeilge eile. Cheana féin, tá cuid mhór dul chun cinn déanta i dtaobh na drámaíochta ar bhuiséad íseal, i dtaobh aisteoirí agus léiritheoirí a chothú, ach tá géarghá le scríbhneoirí Gaeilge anois a fhorbairt agus, freisin, stiúrthóirí”.

READ MORE

Is trí cheardlanna i mBéal Feirste thar tréimhse sé mhí a bheidh oiliúint le fáil ag na rannpháirtithe agus gheobhaidh siad “tacaíocht rialta agus aischothú” ó theagascóirí. Is é an comhlacht The Script Factory a bheidh i mbun an chúrsa, a dúirt sí, agus Alison Lumb agus Rob Ritchie mar phríomhtheagascóirí, beirt a raibh taithí mhór acu ag obair ar chláir don BBC agus ITV. Díreoidh an bheirt ar stuáil scéil, struchtúr, forbairt carachtar, dialóg, ton, luas agus riachtanais na gcraoltóirí.

Caithfidh iarrthóirí smaoineamh a chur isteach do dhráma singil leathuaire ar an téama “Stigma”. Ba chóir don scéal bheith lonnaithe i suíomh nua-aimseartha, réadúil ina mbeadh an Ghaeilge á labhairt.

Ba chóir do gach iarrthóir litir mhínithe a thugann cuntas ar na fáthanna ar chóir dóibh freastal ar an chúrsa; CV; achoimre aon abairte ar an scéal; paragraph a thugann imlíne an scéil; sonraí na bpríomhcharachtar agus script d’aon radharc amháin a chur ar fáil.

  • Iarratais (ar ríomhphost agus cóip chrua): maire.ni.chonlain@tg4.ie agus Máire Ní Chonláin, TG4, Baile na hAbhann, An Spidéal, Co na Gaillimhe, faoin Aoine 27ú, Lúnasa.