Gaeilge is Ultais - deis chun cainte no deis chun cainte?

 

Thug an tAire Éamon Ó Cuív cuairt ar Thuaisceart Éireann an Aoine seo caite agus bhuail sé le hiondaithe ó ghrúpaí Ultaise/Albainis Uladh. Ní den chéad uair, léirigh an chuairt an chontracht atá i gcroí fhorbairt teanga ar an oileán seo.

I measc na ndaoine ar bhuail Ó Cuív leo, bhí Nelson McCausland, stiúrthóir Chomhairle Oidhreachta Ultach-Albanach agus comhairleoir de chuid an DUP. Mar is eol don saol mór, tá an DUP in éadan Chomhaontú Aoine an Chéasta agus mar is eol don saol mór, tá lucht na hUltaise i muinín an Chomhaontaithe chéanna le hairgead a fháil leis an teanga atá acu a chur chun cinn.

Samhail níos fearr den fhimíneacht pholaitiúil a bhaineann le cothú teanga, ní fhéadfá a aimsiú: McCausland, an stiúrthóir, ag bualadh le hAire ón Phoblacht le buíochas a ghabháil leis as an tacaíocht agus McCausland, ball de chuid an DUP, ag damnú an Chomhaontaithe chéanna a thug Ó Cuív ó dheas an chéad lá riamh.

Ba cheart do McCausland aird a thabhairt ar a raibh le rá ag Ó Cuív faoi chúrsaí teanga. Chuir iriseoir áitiúil ceist air faoi airgead a chaitheamh ar theanga mharbh. Ultais a bhí i gceist aige.

Arsa Ó Cuív: "In my opinion whether it be funding for culture or language it is money well spent. It is about giving people a sense of self worth ..."

Aithneoidh mórán daoine an chuisle fhial sin ag Ó Cuív. Tá an ceart aige sa mhéid is a deir sé. Mar sin féin, caithfidh lucht na hUltaise a dhéanamh cinnte de go bhfuil ciall leathan acu do "people". Ar fhianaise a bhfuil ráite acu go fóill, is cúng an chiall chéanna.

Bhí cathaoirleach Tha Boord o Ulster-Scotch, an Tiarna Laird, i gcuideachta Uí Chuív ar a thuras fosta. Ar seisean sa leagan Gaeilge dá bpreasráiteas: "Tá ríméad orm gur ghlac an tAire Ó Cuív am óna sceideal trom oibre le a bheith inár gcuideachta inniu chun breis eolais a fháil faoi na hUltaigh Albanacha agus faoin áit as ar thángamar, faoin teanga a labhraimid agus faoinár ndúchas.

"Tugann an chuairt seo aitheantas go bhfuil Albainis Uladh agus an cultúr Ultach-Albanach beo agus bríomhar. Beidh an-suim againne éisteacht le tuairimí an Aire faoin bhforbairt atá i ndán don Albainis Uladh mar theanga mar go bhfuil sárthuiscint aige ar fhorbairt shásúil na Gaeilge."

Ó tharla gur ball sinsearach de chuid Pháirtí na nAontachtaithe Uladh é an Tiarna Laird, baineann míshuaimhneas mór leis an úsáid sin "ár" aige. Aontachtaithe amháin atá i gceist aige nó Protastúnaigh?

Is casta an gaol idir teangacha an Tuaiscirt agus na pobail a labhrann iad ná mar a ligeann polaiteoirí orthu féin. Ní féidir le grúpa ar bith - agus níor cheart dóibh - scaradh glan a dhéanamh idir "muid" nó is leithne "muid" ná na páirtithe polaitíochta atá ionadaíoch ar an phobal.

Mar chuid dá thuras, thug Ó Cuív cuairt ar Charraig Fhearghusa, Co Aontroma, agus tugadh cuairt ar fhothrach Preispitéireach. Ba san eaglais seo i 1613 a tháinig Preispitéirigh le chéile den chéad uair riamh in Éirinn. Is ag maíomh gaoil a bhí lucht Ultaise leis an teacht le chéile sin; cuid "dá" stair atá ann.

An dtuigtear as seo nach féidir le duine bheith páirteach i ngluaiseacht seo na hUltaise mura mbaineann sé leis an traidisiún Preispéirteach Albanach? Arbh aontachtaithe iad na Plandóirí seo, lucht tacaíochta David Trimble?

Agus má tá an teanga seo chomh tábhachtach ag aontachtaithe, is ait nach ndearnadh iarracht í a chothú le linn do sheanStormont bheith i réim. Bhí 50 bliain d'airí oideachais aontachtúla ann a chuirfeadh cabhair ar fáil.

MÁS ag dul i muinín na staire agus an tsiombalachais eitnigh atá lucht na hUltaise, cad é a tharlaíonn má fhreagraítear iad leis an chineál céanna siombalachais agus an cineál céanna staire?

Ag scríobh dó ina leabhar máistriúil I mBéal Feirste Cois Cuain, arsa Breandán Ó Buachalla faoi dhuine de luathphlandóirí Uladh, Chichester:

"Sa bhliain 1603 'bronnadh' caisleán Bhéal Feirste agus dhá cheann déag is daichead de bhailte fearainn na dúichí ar Chichester agus chuir sé chun oibre láithreach: "He was effectively assistant first to plough and break up those barbarous people and then to sow them with seeds of civility ..." "I burned all along the lough within four miles of Dungannon," a deir sé féin (Chichester) "and killed 100 people, sparing none of what quality, age or sex soever, besides many burned to death. We kill man, woman and child, horse, beast and whatsoever we find."

Ní gá a rá gurbh iad Gaeil Uladh na "barbarous people". An gcuirfidh muid - lucht teangacha - ballóg agus cnámha taobh le taobh len "ár" gcearta féin a dheimhniú? Cinnte, bíodh meas againn ar stair. Ach bíodh tuigse againn uirthi fosta. Tig le gach taobh ceachtanna 'fóirsteanacha' a bhaint ón stair.

Ba cheart a rá go bhfuil obair fhiúntach ar siúl ag roinnt daoine i gcuibhreann seo na hUltaise. Aithneoidh duine ar bith ar spéis leis cultúr dúchasach obair cheannródaíoch an fhile James Fenton. Ba mhaith gur bhuail an tAire leis le linn dó bheith ó thuaidh.

Mar sin féin, is trua go léiríonn aontachtaithe sinsearacha agus lucht eile tacaíochta na hUltaise meon suarach arís agus arís eile i dtaobh na Gaeilge.

LE linn an tsamhraidh, rinne grúpa eile Ultaise, Ulster-Scots Language Society, gearán faoi fhorbairt na Gaeilge. Bhí an Ghaeilge ag fáil barraíocht airgid; ba cheart go mbeadh cothrom na Féinne - punt ar phunt - le fáil ag Albainis Uladh.

Cad chuige an ceangal idir an dá ghluaiseacht a dhéanamh? Tá lucht na hUltaise 100 bliain ár gcúl lucht na Gaeilge; ní hionann comhthéacs nó stádas a lucht labhartha; ní hionann a líon; ní hionann a mianta; ní hionann a bhforbairt.

(Agus fágaimis i leataobh cad is ciall le 'teanga' go ceann tamaill.)

Ó thaobh na polaitíochta de, is fás aon oíche í an Ultais, rud nach ionann agus a rá nach bhfuil ginealach fada ag iarsmaí na cainte féin.

Faoin Chomhaontú, tá airgead curtha ar fáil don Ultais agus is faoi lucht na hUltaise atá sé a gcuid cúram cultúrtha féin a chomhlíonadh. Is beag is fiú dóibh iad féin a chur i gcomparáid le cainteoirí Gaeilge agus is beag is fiú dóibh easpa forbartha a gcainte féin a thógáil ar lucht na Gaeilge.

Is fúthu atá sé daoine de gach aicme agus creideamh a ghríosú chun oibre. Mura n-éiríonn leo sin a dhéanamh, is orthu féin an locht - oiread chéanna agus atá an locht céanna ar na heagrais Ghaeilge ar an dul céanna. Ná tógtar ar lucht na Gaeilge é neamhshuim an phobail san Ultais. Tá a sáith le déanamh acu an neamhshuim chéanna a sheachaint agus an pobal céanna a mhúscailt le Gaeilge a labhairt.

Ba chuma éagumas lucht na hUltaise an pobal a ghríosú murach go bhfuil an chumhacht acu cur as d'fhorbairt na Gaeilge ar bonn oileánda. Tá an colún seo ag scríobh ar chúrsaí teangacha faoin Chomhaontú le trí bliana.

Is Frankenstein d'eagras é an Foras Teanga faoina bhfeidhmíonn Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulster-Scotch. Ní féidir rud ar bith a bhogadh chun cinn gan toil an dá Rialtas; ní féidir le ceachtar den dá bhord feidhmiú ar neamhchead an chinn eile.

Má éiríonn leis an DUP, abair, an lámh in uachtar a fháil ar an UUP i dtoghcháin an Tionóil an samhradh seo chugainn, thiocfadh dó go mbeadh tuilleadh impleachtaí ansin d'Fhoras na Gaeilge agus a mbaineann leo.

Idir an dá linn, bímis dóchasach go n-éiríonn le lucht ceannais na hUltaise flaithiúlacht agus macántacht chuireadh Uí Chuív a aithint agus a aithris. B'fhearr deis chun cainte ná deis chun cáinte.