Gaeilge eigeantach

Is minic a dhéantar caint ar an Ghaeilge éigeantach agus an dochar a dhéanann a leithéid don phobal

Is minic a dhéantar caint ar an Ghaeilge éigeantach agus an dochar a dhéanann a leithéid don phobal. Tá aiste le hEaspag de chuid Eaglais na hÉireann, Dónall Caird, ar Bhliainiris 2002 ar an ábhar seo, "An Éigeantacht agus an Teanga".

Murab ionann agus mórán alt, tugann Caird le fios gur beag Gaeilge a bheadh aige murach gur cuireadh ar an chúrsa scoile í.

"Leis an fhírinne a rá, mura raibh eolas ar an nGaeilge riachtanach i gcúrsaí oideachais na tíre le linn m'óige is dócha nach mbeadh focal Gaeilge ar bith agam inniu. Ba mhór an chailliúint dom é sin.

"Ba fhoinse mhór aoibhnis dom an Ghaeilge i rith mo shaoil agus is dóigh liom gur thug sí slí isteach i gcúrsaí staire agus cultúir na tíre dom nach mbeadh agam ina héagmais."

READ MORE

Scríobhann Caird nach raibh a thuismitheoirí i gcoinne na teanga nuair a cuireadh ar chlár na scoileanna í ach nach raibh siad cinnte go mbeadh "toradh seasmhach uirthi" dá gclann.

Fadálach go leor a bhí Caird i mbun foghlamtha. Cuairt ar Dhún Caoin a chuir ar bhealach a leasa é. As sin a tháinig. Ó shin i leith, tá baint aige leis an teanga. Shaibhrigh an teanga a shaol, a scríobhann sé agus cé gur "oth liom riamh agus choíche an riachtanas i gcúrsaí polaitíochta, i gcúrsaí creidimh, i gcúrsaí cráifeachta, i gcúrsaí sóisialta, ach san am céanna is éigean dom a admháil gur beag an Ghaeilge a bheadh agam gan é."

I measc na n-aistí eile, tá alt le Seosamh Ó Murchú ón Ghúm ar "I measc na laochra: Allagar na hInise arna léamh arís eile" agus Fiachra Ó Céilleachair, ball tofa de bhord Údarás na Gaeltachta, ar "An Rinn agus an Seana-phobal: Gaeltacht i mbaol".

  • Bliainiris 2002. Eag: Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil. Arna fhoilsiú ag Carbad. NLP.