'Gá le síoranailís ar na gnéithe sin dár n-oidhreacht'

 

IS MINIC ceist na teanga ina cnámh spairne sa lá atá inniu ann. Mar sin féin, ní minic a chuireann daoine an trioblóid orthu féin scrúdú níos doimhne a dhéanamh ar fhréamhacha na streachailte sin idir an Ghaeilge agus an Béarla – ach déanann cnuasach nua aistí iarracht an t-aineolas sin a scaipeadh.

Dúirt duine de chomheagarthóirí an leabhair agus léachtóir, Ciarán Mac Murchaidh, gurbh é cuspóir Irish and English: essays on the Irish linguistic and cultural frontier, 1600-1900 (Four Courts Press, €55) “scoláirí na Gaeilge agus na staire go háirithe a thabhairt le chéile le scrúdú a dhéanamh ar mhórcheist an athraithe teanga ar an oileán sa tréimhse chorraitheach sin ó thús an 17ú haois go dtí deireadh an 19ú haois. B’athrú suntasach sóisialta i stair na teanga agus na tíre seo meath na Gaeilge agus ba chasta an próiseas é”.

Próiseas fada a bhí ann fosta agus shíl sé féin agus a leathbhádóir, James Kelly, “gurbh fhiú préamhacha agus scéal an athraithe sin a ríomh. Léiríonn réimse leathan taighde le tamall anuas, i stair na clódóireachta agus na foilsitheoireachta in Éirinn, i dtraidisiún na lámhscríbhinní Gaeilge agus i ndearcadh an dá phobal teanga, gurbh fhiú go mór nádúr an athraithe teanga féin a scrúdú an athuair agus tarraingt ar thorthaí an taighde reatha sin.

“Tarraingíonn an saothar seo ar an chur chuige idirdhisciplíneach, mar sin de, agus táthar ag súil go bhfeicfidh léitheoirí an dóigh a bhfuil na léargais úra ag cur ar bhealach níos meáite lenár dtuiscint ar cheist na Gaeilge”.

Deich n-aiste Bhéarla atá sa chnuasach agus réamhrá leo. Scrúdaíonn na scríbhneoirí éagsúla duine ar leith nó téama ar leith agus is é is toradh air seo go dtugann siad léargas speisialta don léitheoir ar an iomrascáil idir an dá theanga.

Tá aiste, mar shampla, ar William Bedell agus a Bhíobla le Marc Caball; cúrsaí lámhscríbhinne le Bernadette Cunningham agus Raymond Gillespie agus aistí ar chúrsaí filíochta agus tionchar na nEaglaisí Caitliceacha agus Protastúnacha ar imeachtaí teanga.

Dírithe ar lucht acadúil atá na haistí don chuid is mó ach creideann Mac Murchaidh nach mbeadh an saothar “thar acmhainn an ghnáthléitheora a mbeadh spéis aige i gceist na teanga ar an oileán seo”.

Mhol Mac Murchaidh an tOllamh Breandán Ó Buachalla (nach maireann) mar cheannródaí sa réimse seo léinn; thug sé “ceannaireacht ar leith do lucht na Gaeilge agus staire ar aon faoin tslí a bhféadfaí ár dtuiscint ar go leor gnéithe de stair na teanga agus na litríochta a fheabhsú ach bheith ag comhoibriú agus ag tacú lena chéile.

“Tá gá le síoranailís ar na gnéithe sin dár n-oidhreacht i bhfianaise tuiscintí nua a eascraíonn as an taighde. Tá súil againn go bhfeicfear an saothar seo mar chomharba ar an obair a rinne Ó Buachalla féin ar son an réimse áirithe sin den léann”.