Foras flaithiuil

Bhain íoróin leis an scéal an tseachtain seo caite go raibh €764,500 caite ag Foras na Gaeilge ar sheirbhísí éagsúla comhairleacha…

Bhain íoróin leis an scéal an tseachtain seo caite go raibh €764,500 caite ag Foras na Gaeilge ar sheirbhísí éagsúla comhairleacha ó bunaíodh é. I gcás amháin, chaith an t-eagras €49,916 ar PriceWaterhouseCoopers le príomhfheidhmeannach a earcú.

Beidh cuimhne ag léitheoirí an cholúin seo gur chuir an t-eagras céanna an litir cheapacháin chuig an duine contráilte.

Bhí feidhmeannach de chuid an Fhorais, Éamon Ó hArgáin, le feiceáil ar Nuacht TG4 agus le léamh ar Foinse ag míniú fáth na gcostas mór; ní raibh preasoifigeach buan acu ag an am agus ba ghá comhairle ar leith a lorg. I mbeagán focal, caiteachas eisceachtúil a bhí ann.

Airgead mór atá i gceist sna suimeanna seo gan cheist ar bith. Is beag eagras teanga nach dtitifeadh i laige ach deontas den chineál seo a fháil ón Fhoras. Agus sin cuid den fhadhb atá ag an eagras.

READ MORE

Is seanphort é ag an cholún seo gur cheart go gcuirfeadh siad a gcuid cuntas i gcló le go bhfeicfí cad é mar atá siad ag caitheamh a gcuid airgid.

Ach na cuntais bheith ar fáil, bheadh buille faoi thuairim ag daoine cad é an caiteachas iomlán atá déanta acu. Bhainfeadh sé sin cuid den ghoimh as an fhigiúr scáfar mór seo.

Ina áit sin, cuireann imeachtaí na seachtaine seo leis an íomhá gur eagras gan stiúir atá san Fhoras.

Bhí rud eile suntasach faoin fhigiúr. Is é urlabhraí Fhine Gael ar Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Fergus O'Dowd, a chuir an cheist Dála a ba chúis leis an eolas seo a fháil.

Bhí dearmad déanta ag an cholún seo go raibh urlabhraí Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag Fine Gael, chomh hannamh agus a labhrann sé. Tá áthas orainn aithne a chur ort, Fergus.

Coinnigh ort.