Foinse ar an Idirlíon

Tá suíomh nua ag príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge, Foinse.

Tá suíomh nua ag príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge, Foinse.

Dúirt eagarthóir an nuachtáin, Seán Tadhg Ó Gairbhí, go raibh an suíomh nua beagnach ullamh agus go mbeadh sé le seoladh go hoifigiúil go luath: "Tá bailchríoch á chur faoi láthair air. Tá cúpla rud beag atá le réiteach fós ach táimid an-sásta leis. Tá nuachtán d'ardchaighdeán againn a bhfuil meas ag daoine air agus muinín ag daoine as, tá foireann agus scríbhneoirí iontacha againn, ach bíonn muid i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar Foinse agus seo ceann do na háiteanna inar theastaigh uainn dul chun cinn a dhéanamh. Tá cuid mhaith ama agus dua caite againn leis agus tá súil againn go mbeidh gach ní ina cheart go luath agus suíomh den scoth againn."

Dúirt sé go mbeadh leagan leictreonach den nuachtán ar fáil ar www.foinse.ie as seo amach agus tá lucht an nuachtáin ag obair chomh maith ar chartlann: "Beidh na heagráin nua ag dul suas de réir mar a fhoilsítear iad ach beimid ag cur leis an gcartlann de réir a chéile agus ag dul siar ar eagráin eile. Tógfaidh sé tamall ach áis iontach a bheidh ann do phobal na Gaeilge anseo agus i gcéin."