Foinsí nach dtagann le chéile

Beocheist: Agus colún Beocheist curtha chun bealaigh agam tugaim sracfhéachaint ar pháipéar an Mháirt go bhfeice mé an bhfuil…

Beocheist:Agus colún Beocheist curtha chun bealaigh agam tugaim sracfhéachaint ar pháipéar an Mháirt go bhfeice mé an bhfuil sé ann agus má tá, cén teideal atá air.

Ar eagla go dtabharfainn faoi deara aon mhístuamacht i mo chuid scríbhneoireachta agus é rómhall anois aon cheartú a dhéanamh, is annamh a léifinn an píosa arís. Thugas aire faoi leith, áfach, agus mé ag léamh síos tríd an cholún deireanach a sheolas chun bealaigh.

Bhí mé tar éis triall a bhaint ann as leagan simplí den tuiseal ginideach, is é sin séimhiú gan caolú agus i gcás ainmneacha é sin ar an chéad chuid den ainm seachas ar gach cuid de. Mar nár mhíníos céard a bhí ar bun agam, agus an ceart ar fad ag an eagarthóir, is iad na foirmeacha caighdeánacha a cuireadh i gcló, "ráiteas Sheáin Uí Fhaoláin" agus "scéalta Sheáin Mhic Mhathúna" in ionad "ráiteas Sheán Ó Faoláin" agus "scéalta Sheán Mac Mathúna".

Ní hé nach bhfuil na rialacha agam, nó nach bhfuil teacht agam orthu sa Chaighdeán Oifigiúil (1958), ach ar chaoi eicínt airím le tamall go bhfuil cuma rómhaisithe ar chuid de na sraitheanna athraithe seo.

READ MORE

Tá féinchoinsiasacht ag baint lena n-úsáid agus is beag nach mbíonn fonn orm uaschamóga íoróine a chuir timpeall orthu le cur in iúl gur ag cloí le caighdeán atá mé, ach nach mise a chum ná a cheap.

Airímse go bhfuil deacrachtaí den chineál céanna ag baint le díochlaonadh ainmfhocail agus aidiachtaí le chéile agus is measa fós, sílim, cás na n-ainmfhocla bainiscneacha, agus t-alt ag athrú ó 'an' go 'na'.

Tá súil agam go maithfidh Seán Mac Mathúna mé na samplaí breátha seo ó Ding agus Triúrmhilleadh, ach nuair a léim "ag cíoradh a cuid gruaige finne" nó "gruaig a bhí ar dhath an fhéich" ní fheicim gruaig bhuí nó gruaig dhubh, feicim pointe gramadaí.

Ní tógtha air é. Sin é atá sa Chaighdeán, ach gur samplaí eile atá sa leabhar beag uaithne: 'teach na mná bige'; 'peata na máthar boichte'; 'ceol na cláirsí binne'; 'seomra na banaltra caoine'. Díreach taobh thuas díobh seo tá an tuiseal tabharthach agus é díreach mar a chéile leis an tuiseal ainmneach atá taobh thuas de sin arís.

Cén locht a bheadh, nó atá ba cheart dom a rá, ó tá siad sa chaint, ar 'teach an bhean bheag', 'peata an mháthair bhocht', 'ceol an chláirseach bhinn', 'seomra an bhanaltra chaoin'?

Bhí mé an-sásta liom féin ag ceapadh go raibh mé tagtha ar thuairim nua, nuair a d'inis mo mhac, a bhí sa bhaile ón ollscoil le haghaidh dinnéar mór an Domhnaigh, go raibh sé seo ar fad ag Nicholas Williams ina leabhrán, Caighdeán Nua don Ghaeilge, (Coiscéim, 2002). Is mó ná sásta a bhí mé nuair a léigh mé saothar an Ollaimh Williams - réabhlóid ar bun agus athruithe i ndán don chaighdeán.

Ní béarlachas ná canúnachas atá i gceist ach simpliú. Ag tagairt do na buntreoracha a bhí acu agus iad ag leagan amach an Chaighdeáin Oifigiúil - 1. an teanga bheo, 2. na leaganacha is forleithne, 3. stair agus litríocht na Gaeilge, 4. rialtacht agus simplíocht.

"Ní féidir," a deir Williams, "locht a fháil ar 1 na 2, ach ... is léir gur prionsabail iad 3 agus 4 atá naimhdeach ar a chéile. Is follas freisin gurbh fhearr le lucht cumtha an Chaighdeáin go hiondúil stair agus litríocht na Gaeilge ná an tsimplíocht. Feictear domsa agus mé ag múineadh ghramadach na Gaeilge ag an tríú leibhéal le breis is 25 bliain, gur casta agus gur deacra i bhfad an Caighdeán Oifigiúil ná mar is gá."

Nuair a chualamar gurbh é Nicholas a bheadh ag tabhairt an chéad léacht ag Scoil Gheimhridh Merriman 2008, rinneamar socruithe bheith ann. Bhí díospóireacht na dtrí mbéir tar éis na léachtaí agus daoine ag rá go raibh an Caighdeán róleathan, róchúng nó go raibh sé ceart, beagnach.

Bhí beagnach gach éinne ar aon fhocal go raibh gá le méid áirithe leasuithe, na foinsí gramadaí a bheith ar aon fhocal, mar shampla.

"Mura dtaitníonn rud leat, fágfaidh tú i do dhiaidh é," a dúirt Máire Ní Fhinnéidhe as Indreabhán, múinteoir meánscoile scoile ar an gCeathrú Rua, a thug léacht spéisiúil.

Níorbh aon dul chun cinn filleadh ar bhlianta na hAthbheochana nuair a bhí a nósmhaireacht féin ag gach scríbhneoir - is maith mar sin an díospóireacht.

Agus an méid sin ráite is mór an spórt Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir, ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar a albam, Imíonn an tAm (Futa Fata, 2006), faoi chailín nach bhféadfadh an fear seo a phósadh mar nach raibh máistreacht aici ar an tuiseal ginideach!