Fogra clabhsuir

An Peann Coitianta: Ar nuachtán, fadó, a chleachtaínn mo chuid léitheoreachta os ard i dtigh tábhairne mo mháthar i gcorplár…

An Peann Coitianta: Ar nuachtán, fadó, a chleachtaínn mo chuid léitheoreachta os ard i dtigh tábhairne mo mháthar i gcorplár chathair Chorcaí. Na colúin Late News san Echo i ndúch gorm, na línte ar sceabhadh go minic ag fógairt toradh ráis, báis, nó Flood Warning go bagrach.

Mise suite ag an gcuntar amuigh ag léamh os ard, mo mham istigh ina cóta bán, agus tráchtaireacht leanúnach aici ar mhó de phaidreoireacht ná de thuairimíocht í ar an news ina canúint tuaithe, "Oh, the Lord save us from all harm". Bhreá liom na fógraí tuile, chuireadar faobhar ar an gcomharsanacht cois na habhann. Níos mó ná sin, im chás-sa, d'fhéadfainn rian na bhfocal a aimsiú ar na marcanna taoide a d'fhág an t-uisce tráite ar fhallaí monarchan agus seamlais. Tá cuid éigin den reacaire ionam ó shin, saghas little mister echo. Is ait liom anois go dtabharfaí siar mé go dtí an caidreamh sin lem mháthair, ach is cuid mhór ar fad díom é.

Compánach dem chuid féin ab ea an colún seo le fada. Bóthar geanúil déanta againn ó Iarthar Chorcaí go Québec go dtí tíortha na hEorpa. Agus tíortha úd na hÉireann. Mar is eol do dhaoine grinne, ficsean - nó ficsin bheaga - a bhíodh á gcruthú agam go minic anseo. Is mó a bhíonn an saol nach bhfuil ann, ann, ag tráth áirithe ná an saol a deirtear linn atá os comhair na súl. Go deimhin, comhlánaíonn siad a chéile. Ceann de na prionsabail a rith liom féin i mbun píosa scríbhneoireachta fadó ná, "create a fiction to tell the truth" le linn dom bheith á phlé duine eile, agus tharraingínn as sin go rialta. Ar ndóigh, b'fhéidir nach ceann d'fheidhmeanna na colúnaíochta in ao'chor é an fhírinne a insint. Bheadh sé sin i bhfad ró-dháiríre. Is amhlaidh a scriorrann an fhírinne amach. Is é an diabhal é bheith ag iarraidh sciorradh. Pé scéal é, ceann de na mianta a chuireas romham, agus múnlaí á gcruthú agam don cholún seo, ná cuid mhór de théacsanna próis na Gaeilge - gan an fhilíocht a bhac - a léamh agus iad sin a athsheoladh ar chuma éigin. Turas fionnachtana teangan, faoi mar a bheifeá ag cur eolais ar thíortha aineoil. Braithim go bhfuil an leagan atá agamsa, anois, níos giorra do Shéathrún Céitinn ná do MTV. Ní mór in ao'chor anois atá fanta de théacs úd na Gaeilge. Ach faoi mar a dúirt an Seabhac i ndialanna Wolfe Tone: "Tiocfaidh anuiridh arís". Tagann, ach é aithint.

Maidir liomsa, ceann de dhroch-chomharthaí na scríbhneoireachta i gcolún ná bheith ag brú cnaipe na 'tools' féachaint cé méid focal den iomlán atá déanta. Bhínn ag brú cnaipe na 'tools' níos minicí ná mar ba mhaith liom le tamall. Bíonn an iomarca den saothrú comhfhiosach ag baint lena leithéid, ar nós duine a bheadh ag comhaireamh na bhfód ar an bportach seachas a bheith ag obair leis ar a chroí dícheall. "Is faide liom an t-orlach ná an choinneal iomlán" a dúirt an file fadó, agus tuigim dó. Féach arís mé ag brú 'word count' - agus ritheann sé liom gur 'word counter' ab ea an cúntar sin i dtigh tábhairne mo mháthar!

READ MORE

An colún áirithe seo atá anois idir lámha, baineann sé leis an misneach chun rudaí a athrú nuair is féidir é. Ní foláir nó tá conradh éigin neamhscríte ag baint leis an ngnó seo na colúnaíochta. Tá an conradh úd istigh anois. Ní beag, is dócha, léitheoirí rialta, daoine breactha ins gach aon aird a bheith ag léamh téacs na Gaeilge na laethanta seo. Táim buíoch ó chroí de na daoine úd a choinnigh mo mhisneach liom i gcaitheamh na mblianta, agus díobh sin - bheinn fhéin amuigh ina measc ach mé bheith istigh - a raibh sé i gceist raimh acu é dhéanamh agus nár dhein. Mo bhuíochas leis do na heagarthóirí san Irish Times a chaith plé leis an téacs gabhlánach go minic, agus a thug cead mo chinn go hiomlán riamh dom. Bím lán d'uafás rialta nuair a chuimhním ar a bhfuil tarlaithe do théacs uasal na Gaeilge. Tá an Ghaeilge féin lán amach de dhínit, agus de spleodar - más é dínit agus spleodar an bhróin féin é go minic - a foghlaimíodh go cruaidh. Conas ná beadh, agus a bhfuil de shuaitheadh faighte aici. Is é mo mhóreagla anois gur scigireacht a bheidh mar bhun léi. Ní mór dom fhéin an saol a sheoladh tríd as an nua, beocht a fhuineadh aisti as an nua. Téacs na físe is ea anois é. Agus ní mór an cholúnaíocht féin a chur in oiriúint dó san. Is ait an rud é, ach braithim gur tráth canúna is ea arís é, agus gurb í mo chanúint nádúrtha is fearr a chuireann a bhfuil le rá agam in iúl.

Má tá an toil ann chuige, níor mhiste go gcuirfí spás clóite na Gaeilge féin in oiriúint do chanúintí físiúla. Níl ansin ach tuairim ach is tuairim mheáite í. Ina theannta sin, scríobhas colún fadó anseo i dtaobh Lobháin agus a raibh ar siúl ann. Muna mbeidh tionscnamh chomh suaithinseach leis mar theannta leis an dteanga an athuair, is gearr ná beidh faic in ao'chor ar a cúl ach aer.

Leis sin, fógráim clabhsúr.