Foghlaithe mara

Tá dráma nua ag an chompántas puipéad, Fíbín, Na Foghlaithe Mara agus an Eochair Órga.

Tá dráma nua ag an chompántas puipéad, Fíbín, Na Foghlaithe Mara agus an Eochair Órga.

"Scéal gaisce lán grinn agus gníomhartha, le comhrac claímh, ollphéisteanna mara agus an dúrud óir," a ghealltar. Maraíonn an foghlaí bithiúnta, an Caiftín Dúchroíoch an Rí agus goideann sé an Eochair Órga a osclaíonn doras olltaisce na Ríochta. Cuireann an Banphrionsa Sorcha chun siúil le díoltas a bhaint amach agus an Eochair Órga a athghabháil. Tagann sí a fhad leis an Chaiftín Dúchroíoch ach cloíonn sé í agus tugtar ina cime í ar bord loinge na bhfoghlaithe agus imíonn siad i dtreo an Oileáin Órga...

Beidh Na Foghlaithe Mara agus an Eochair Órga ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe Dé Luain agus Dé Máirt agus ag féile ealaíon Aisling, an Longfort, Dé Luain, 24ú, Deireadh Fómhair. Eolas: 091-505926