Foclóireacht na hEorpa faoi chaibidil sa Chatalóin

TUARASCÁIL: DREAM BRÓDÚIL as a dteanga féin is ea muintir na Catalóine

TUARASCÁIL:DREAM BRÓDÚIL as a dteanga féin is ea muintir na Catalóine. Uair ar bith ar thugas cuairt ar an gcuid sin den domhan, an chuid sin den Spáinn (má mhaitheann na Catalónaigh dom an téarma sin a úsáid) thugas na hiarrachtaí a rinne siad lena n-oidhreacht agus a dteanga a chur chun cinn faoi deara.

Bíonn an teanga feiceálach go poiblí agus thar a bheith soiléir don eachtrannach agus don áitreabhach ar aon. Agus é sin ráite, glacann siad leis, go drogallach b'fhéidir, go mbeidh an Spáinnis in úsáid go forleathan ag cuairteoirí go háirithe mo leithéidí nach bhfuil cumas labhartha na Catalóinise acu. Is mór na ceachtanna ar féidir linne in Éirinn a fhoghlaim uathu ar shlí.

Ar leathanaigh an nuachtáin seo bliain ó shin, scríobh Ríona Nic Congáil i dtaobh scríbhneoirí óga a bheith ag scríobh sa Chatalóinis agus iad bailithe le chéile i gcumann lena gcuid oibre a neartú agus leis an eiseamláir sin, bhunaigh sí féin agus roinnt eile Scríbhneoirí Óga agus Úra na Gaeilge, cumann anseo in Éirinn a raibh bliain an-rathúil aige.

An tseachtain seo caite, bhí sé de phribhléid agam freastal ar chumann difriúil i mBarcalóin na Catalóine, a raibh ceachtanna spéisiúla le foghlaim i dtaobh fhoclóireacht na Gaeilge. Is ann a rinneadh comóradh ar 25 bliain den Chumann Eorpach foclóireachta, Euralex, ag comhdháil débhliantúil an chumainn. Is nós leis an ngrúpa seo, idir lucht léinn, déantóirí foclóra, foilsitheoirí agus iad siúd ar spéis leo an fhoclóireacht mar ghairm agus/nó mar eolaíocht, bailiú le chéile gach dara bliain. Déanann siad trácht ar na modhanna is nuaí le foclóir a chruthú agus a fhoilsiú, ar dhul chun cinn i scileanna agus tuiscintí ríomhfhoclóireachta agus i gcoincheapa acadúla. Tugtar deis do thaighdeoirí a gcuid páipéar a chur chun tosaigh ag fóram idirnáisiúnta. Bhí breis is 250 duine i láthair don tseachtain iomlán agus iad ag roinnt a gcuid ama idir léachtaí agus imeachtaí gaolmhara. Caithfear a admháil gur chuir ár n-óstaigh Chatalónacha gach cóir agus cúirtéis romhainn le fáilte fhial mhórchroíúil.

READ MORE

Is deas a thuairisciú go raibh ionadaíocht Éireannach ann - triúr déag. Ina measc sin, bhí ionadaithe ó na trí phríomhaonad foclóireachta atá againn sa tír seo: focal.ie in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, foireann FNG (Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge) ó Acadamh Ríoga na hÉireann agus foireann nuafhoclóir Béarla-Gaeilge Fhoras na Gaeilge moide ionadaí amháin ó fhoireann Ollscoil Uladh.

Ní haon ionadh gur roghnaíodh Barcalóin na Catalóine mar áit leis an gcomhdháil a reachtáil; mar ghníomhairí teanga agus mar fhoclóirithe is féidir le Gaeilgeoirí an-chuid a thógáil óna gcuid oibre siúd.

Ar aon dul leis an nGaeilge, bhí bunús ag foclóireacht nua-aimseartha na Catalóine in ábhar ó ghluaiseanna éagsúla, gluaisrí a chuidigh ach go speisialta le staidéar a dhéanamh ar an Laidin. Thosaigh an saothar ag teacht le chéile i bhfoirm foclóra sa 15ú haois. Cuireadh foclóir dátheangach Catalóinis-Gearmáinis ar bun sa bhliain 1502, múnlaithe ar fhoclóir Iodáilis-Gearmáinis. Lean foclóirthe Catalónacha ag cruthú go dátheangach ina dhiaidh seo chomh fada leis an 19ú haois, le Laidin agus Spáinnis in úsáid go hiondúil mar chomhtheanga na n-imleabhar. Cosúil le Gaeilge, níor éirigh leis an méid sin dul chun cinn a bheith déanta ar fhoclóirí aonteangacha ag tréimhse nuair a bhí a leithéid ag cuid mhaith de thíortha na hEorpa.

Is mithid machnamh a dhéanamh ar an Dictionary of the English Language le Samuel Johnson a cuireadh i gcló sa bhliain 1755. Ar aon dul leis an nGaeilge athuair, bhí tréimhse ann a séanadh an teanga (idir 16ú agus 18ú haois) ar chúiseanna sochpholaitíochta. I lár an 19ú haois, ar deireadh, a cruthaíodh an chéad fhoclóir aonteangach de chuid na Catalóinise ag Pere Labèrnia, Diccionari de la llengua catalana, ab la correspondència castellana y llatina, foilsithe thart ar 1839-1840.

Ag tús na haoise seo caite, sa bhliain 1901, bheartaigh Antoni Maria Alcover foclóir mór a thionscnamh sa cháipéis, Lletra de convit. Ansin sa bhliain 1907, bunaíodh an Institut d'Estudis Catalans (Acadamh na n-eolaíochtaí Catalónacha). Céim an-mhór a bhí ann do chultúr agus teanga na Catalóine gan amhras.

Mar chuid dá fhreagrachtaí, bhí dualgas ar an acadamh seo staidéar a chruthú i dteanga na Catalóine, caighdeán gramadaí a leagan síos móide caighdeán foclóra agus caighdeánú a dhéanamh go tíreolaíochtúil. Bhí focleolaíocht mar cheann dá spriocanna sa bhliain 1911 agus ar an gcúis sin ghlacadar seilbh ar thionscadal Alcover. Tháinig rath ar na hiarrachtaí seo leis Diccionari català-valenciàbalear, a foilsíodh i ndeich chuid idir 1926 agus 1962.

Lean an obair ar aghaidh san institiúid leis ar an dara tionscnamh: foclóir tagartha don teanga, Diccionari de la llengua literària. Rinneadh é a stiúradh ag Pompeu Fabra (agus an rannóg focleolaíochta) agus ainmníodh an ollscoil a reachtáil a chomhdháil ina onóir.

Tháinig an foclóir litrithe, Diccionari ortogràfic as seo sa bhliain 1917 chomh maith. Bhí an obair mall go leor toisc an sórt saothair a bhí i gceist. Bhí suas leis an litir C réitithe acu nuair a tháinig deachtóireacht Primo de Rivera (1923-1930) chun cinn sa Spáinn a bhí frith-Chatalónach.

Lean Fabra ar aghaidh leis féin amháin chun an tionscnamh a shlánú agus lorg sé agus fuair sé tacaíocht airgid ó fhoinsí príobháideacha. D'éirigh leis leagan áirithe den bhunthionscnamh a chur ar an margadh sa bhliain 1932, an Diccionari general de la llengua catalana. Foilsíodh an foclóir ag an am ar tháinig na hinstitiúidí Catalónacha ar ais chun cinn. Chuidigh sé sin go mór leo sna hiarrachtaí sin.

Sa lá atá inniu ann, is é an Diccionari del català contemporani an t-ainm den mhórthionscnamh leanúnach a bhaineannn leis an Institut d'Estudis Catalans. Ta dhá aidhm leis: 1) forbairt áiseanna teanga agus corpas ríomhfhoclóireachta agus 2) foclóir sonrach a chruthú, bunaithe ar na háiseanna sin.

Ó thorthaí neart na teanga sa lá atá inniu, is féidir a fheiscint gur éirigh leis an staidéar córasach, eolaíochtúil a bhí déanta sa 20ú haois ar riachtanais fhoclóireachta na Catalóinise in am cuí réadúil. Tá oidhreacht shaibhir fágtha dóibh agus tá a dteanga níos láidre dá bharr, go háirithe i gcomparáid le teangacha eile ar féidir teangacha mionlaigh a ghlaoch orthu. Ag leibhéal níos ginearálta, léiríodh arís sa Bharcalóin an tsainthraenáil atá ag cuid mhaith de speisialtóirí foclóireachta na hEorpa. Chun dul chun cinn na Gaeilge a bhrú ar aon dul leis an gCatalóinis, beidh gá le hoiliúint tríú agus ceathrú leibhéal foclóireachta ar aon dul lenár gcomhleacaithe Eorpacha.

Lón spreagúil Catalónach intinne is cinnte don té ar spéis leis/léi brí focail.

Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel, Baile Átha Cliath, é Liam Mac Amhlaighcaighdeán standard - cúirtéis courtesy - débhliantúil biennial - dualgas duty - eachtrannach foreigner - feiceálach visible - focleolaíocht philology - imleabhar volume - léacht lecture - nua-aimseartha modern - spéisiúil interesting - taighdeoir researcher - tionscnamh project