Focal agam ort

Is cnámh spairne ar ócáidí iad na focail nua a thagann isteach sa Ghaeilge

Is cnámh spairne ar ócáidí iad na focail nua a thagann isteach sa Ghaeilge. Ní i gcónaí a thaitníonn na leaganacha nua le Gaeilgeoirí traidisiúnta.

Is teanga inti féin cuid de na focail nua a chumtar. Agus cé gur beag feidhm a bheidh ag an chuid is mó againn leo, is fearr ann iad ná as.Seo roinnt focal nua a cheadaigh an Coiste Téarmaíochta le gairid:

illicit trade in human organs and tissue, trádáil aindleathach in orgáin agus i bhfíocháin dhaonna;

Light affective disorder, neamhord mothachtála de dheasca solais;

READ MORE

power-sharing executive, feidhmeannas roinnte cumhachta;

skinheads, maolchinn,

visual pollution, amharcthruailliú;

yoctosecond, iochtasoicind.

Anois, déan iarracht aiste a scríobh agus na focail sin ar eolas agat.