Focail sa chistin

An Peann Coitianta: Múchaim an raidió agus fágaim a cuid téarmaí féin faoin gcistin. Moill is ea tost

An Peann Coitianta: Múchaim an raidió agus fágaim a cuid téarmaí féin faoin gcistin. Moill is ea tost. Ní haon am amú é amú a dhéanamh ar an uain. Tá an t-ubh sa phanna ar an gcócaireán, an t-amadóir leictreonach digiteach ar siúl. Beiriú trí neomat, an buíocán bog. An t-arán sa tóstaer.

Gan aon fhocal ar "wholegrain" muran lánghrán é. Arán lánghrán is ea é má sea. Is géar a theastódh sciúradh ón iarta criaga. Le glantach scríobach agus snasán ina dhiaidh. Tá deireadh le ré na slisíní bagúin a ghriolladh, gan trácht ar an ngníomhaí coiscthe speatrála ar an ngreille féin a bheith le glanadh ina dhiaidh.

Siúlann sí chugam isteach gan aon suaimhneas mochmhaidine a thabhairt dom, fiú dá mbeinn á lorg ... rianta den uachtar coipthe a bhí á ghreadadh aici leis an ngreadtóir ar a beoldath gléisithe, sála arda stílíní fúithi a fhágann marcanna dofheicthe ar an urlár clár, a gluaiseachtaí rinceora ag nochtadh uamanna na muinchillí laistigh faoina cuid ascaillí, gan rian aon ní ar líne na gcromán aici. Ó,is í m'ábhar righnithe í ! Dhreapfainn ar feadh na síoraíochta ar a cuid greamanna dréimire, gan barr a gasphónaire a bhaint amach go deo.

"An ndúnfá an sip ar mo chúl dom?" Téann a déada snasta go smior ionam mar a dhéanfadh scian díchnámhaithe.

READ MORE

"Nach luath atá tú ag scaoileadh fé?"

"Dún é."

Tarraingím a sip suas ar feadh chnámh a droma, a scoilt lárchúil ag iamh go seolta faoi mar a bheadh an uirlis daingniúcháin aeroibrithe. Thabharfainn an lá ag gabháil de, ag sciorradh ar a fáisceán, ligfinn don ubh cruabheiriú fiú. Braithim m'uirlis daingniúcháin féin ag cruabheiriú fiú.

"Lig dom anois, a chladhaire an díomhaointis. Cár fhágas an lasc?"

Ó, m'entrée sa scoiltoscailt! Tá mo dhóchas chomh lán d'aer le taosrán blaoscach, nó taosrán mearmheascáin, agus é bailithe leis ina phuth-thaosrán nuair a fheicim gur ceann de dheiseanna duasheachanta leictreacha na cistine atá sí a lorg.

"Taobh leis an mionbhruar a bhí againn inné."

"Cén áit?"

"Ansin, taobh leis an stán éadromóg."

"Ba cheart na huirlisí áise a chur ar ais sna cupaird agus gan iad a bheith caite timpeall ar nós Aonach an Phoic."

Ní fhéadaim mo shúile a bhaint dá línte. Líne an bhrollaigh. Línte ceartingearacha. Línte cothrománacha. Línte nuabhunaithe na gcromán. Línte na bhfáithim-ghreamanna a ghreamaíonn mé dem shuíochán im bhríste géineach atá ag teannadh mo phacaí géineanna. A línte oiriúnaithe go léir, léir, ina gúna rabhaiscshíoda, teannchraicneach, a fhágann rian reoán bréaguachtair ar mo liopaí scolbtha.

"Tá sé deacair teacht ar aon ní sa chistin seo nuair a bhíonn sé ag teastáil go práinneach."

"Cad chuige an lasc?" a deirim.

"Don anlann manglaim."

"Ó" arsa mise go díomách. "Mheasas go rabhais chun stiallanna gualainne a chur fiarthrasna ar an bhfeoil an athuair. Is breá liom an súlach a thagann astu agus iad ag róstadh."

"An bhfaca tú an fáiscire in aon áit?"

"An fáscire líomóide? Ná raibh sé agat aréir ag déanamh fuisce te?"

Braithim a gáire ag leathadh ar fud na cistine mar a bheadh leathadán ciúin.

"Cár leagas uaim an scian scórtha?"

Is gníomhaí ardúcháin gach aon fhocal as a béal .

"An bhfaighfeá an plúr éiritheach amach as an gcófra dom? Tá deabhadh amach orm. Bíonn obair le déanamh ag cuid againn."

TÁ m'aird iomlán ar a cuid uamanna. Tá a cuid uamanna uaim, go háirithe na sliotáin eatarthu. Oiread acu is atáim ábalta a ainmniú. Uamanna francacha. Uamanna rádaile. Uamanna oscailte. Uamanna forluite. Uamanna reatha agus fáithime. Uamanna múnlaithe agus neamh-mhúnlaithe. Taobhuamanna. Thíos-uamanna. Thuasuamanna. Uamanna filltíneacha. Uamanna lasca.

Is aoibhinn liom an siosadh ag an líneáil shínteach aici ar fud na cistine. A muineál scúpchruthach. A glór maranáidithe maidine. Chuirfinn an t-amadóir "moill air" ar siúl féin di. Mhúchfainn an t-ubh agus an tóstaer.

Is gearr go mbíonn an anlann righnithe aici. Is é an t-aon ní a fhágtar righnithe sa chistin ina diaidh é. Tugann sí a haghaidh amach ar a lá faoina sála stílíní, agus mo chuid fantaisíochta galaithe, bailithe.

Clingeann an cócaireán micreathoinne. Pingeann an t-amadóir. Bainim an panna den iarta criaga.

Is géar a theastódh sciúradh uaidh le glantach scríobach agus snasán.

Eacnamaíocht Bhaile: (1982); Foclóir Ceirdeanna agus Teicneolaíochta (1992)