Fis an deorai nar fioradh

Beocheist: Caithfidh gur beag Éireannach nach bhfuil Polannach casta air go fóill agus líon chomh mór na Lár-Eorpach seo tagtha…

Beocheist: Caithfidh gur beag Éireannach nach bhfuil Polannach casta air go fóill agus líon chomh mór na Lár-Eorpach seo tagtha go hÉirinn ó ligeadh isteach san Aontas Eorpach an Pholainn ar 1ú Bealtaine 2004.

De réir tuairiscí áirithe sna meáin anseo tá breis is 120,000 Polannach in Éirinn faoi láthair.

In Ollscoil Chaitliceach Lublin, in oirthear na Polainne, bíonn mic léinn an Bhéarla ag gabháil d'fhoghlaim na Gaeilge ar feadh dhá bhliain. Thug roinnt díobh aghaidh ar Éirinn i rith an tsamhraidh agus is spéisiúil mar a chuaigh an tír i gcion orthu.

Bhí Agnieszka Bartler sa Ghaillimh. Ba é ba mhó a thaitin léi ná seantithe breátha na cathrach nach bhfuil aon chomórtas eatarthu agus "na bloic sceirdiúla árasán a bhíonn le feiceáil seachnóin na Polainne". Rud nár thaitin le Bartler in aon chor ná líon na bPolannach in Éirinn. "Ba líonmhaire Polannaigh ná Éireannaigh." Tríd is tríd bhí Éireannaigh an-chabhrach ach "níor bhuail mé le mórán díobh".

READ MORE

Ba sa Ghaillimh a bhí Magdalena Magiera chomh maith. Daoine deasa fiosracha cairdiúla iad muintir na hÉireann, dar le Magiera, ach bhí an mífhortún uirthi.

Fuair Magiera post mar chúntóir i dteach ósta agus tar éis seachtaine cuireadh in iúl di nach bhféadfaí aon ghealltanas a thabhairt maidir le huaireanta oibre. Ar a mhéad bheadh 20 uair aici in aghaidh na seachtaine, ar a laghad, faic. Dúirt sí le bean an tí nach raibh a leithéid d'éiginnteacht maith go leor agus seans nach dtuillfeadh sí sa tseachtain méid a dhéanfadh an cíos.

Ní raibh mar fhreagra ag bean an tí air sin ach go raibh Magiera ag cur a cuid ama amú agus nach bhfostódh sí Polannach choíche arís. Tugadh bata is bóthar don mhac léinn ón bPolainn is níor íocadh í as an obair a bhí déanta aici.

D'éirigh le Magiera cuairt a thabhairt ar na hOileáin Árann is chuir áille na háite gliondar ar a chroí. Ní dhearna sí iarracht a cuid Gaeilge a chleachtadh mar "bhí imní orm nach dtuigfí mé is nach dtuigfinn a ndéarfaí liom".

Thug Dagmara Wronikowska an samhradh ag obair i Sasana ach rinne sciuird a thabhairt ar Éirinn. Chaith sí seachtain ag taisteal ar an ordóg timpeall na Gaillimhe agus Má Nuad. Dar léi gur breá an áit í Éire don té atá ar an ordóg agus Éireannaigh chomh toilteanach sin síob a thabhairt do strainséirí: "Bhí na hÉireannaigh ar chasamar orthu cúntach agus sochaideartha ach ba dheacair iad a thuiscint ó thaobh bhlas na cainte de."

Ach dhealródh sé gur beag an gearán é sin farradh is a mbíonn mar chonstaic ag Polannaigh eile a bhaineann Éire amach agus obair uathu mar ábhar práinne. Deirtear gur troime an buille a bhuailtear ar Pholannach nach bhfaigheann obair in Éirinn ná an díomá a thagann ar chomhthíreach nach n-éiríonn leis, abair, i Sasana nó sna Stáit.

Is é is cúis leis sin ná meáin na Polainne bheith ag déanamh cur síos ar Éirinn le blianta anuas mar Thíogar Ceilteach ina bhfuil raidhse oibre le fáil. Is mar sin a mheasann an Polannach a bhíonn gan obair agus seachtainí curtha de aige i mBaile Átha Cliath gur spreasán críochnaithe é. Muna bhfaighidh sé post anseo ní fhostófar aon áit é.

Ní ionadh ina fhianaise sin go dtiocfadh drochmheanma ar dhuine. In eagrán déanach den seachtanán Newsweek Polska bhí alt fada faoina riabhaí a bhíonn an scéal ag lear Polannach in Éirinn. Scríobhadh faoi Monika Wolanska, bean 37 bliain d'aois a raibh máistreacht san fhealúnacht aici. Ní raibh ach obair sclábhaí á fáil aici sa Pholainn agus toisc tuairiscí chomh dearfach sin cloiste aici faoi Éirinn d'fhág sí a mac faoi chúram a tuismitheoirí agus thug aghaidh ar BÁC.

Níorbh aon neamh ar talamh í Éire ó thaobh na hoibre de, áfach. Cuireadh drochmhisneach ar Wolanska agus thángthas uirthi le déanaí in árasán i mBÁC, fuil léi agus í gan aithne gan urlabhra. Ní raibh an t-airgead ag a muintir a d'íocfadh as cónra a thabhairt ar ais go dtí an Pholainn. Créamadh í ar chostas rialtas na hÉireann.

Níl sa scéal dóláis sin ach sampla den mhí-ádh a bhíonn ag siúl le roinnt Polannach in Éirinn. Is féidir páirt den mhilleán a chur ar mheáin na Polainne a bhfuil Éire curtha os comhair an phobail Pholannaigh acu mar thír na hoibre.

Ach fiú dá bhfeicfí tuilleadh scéalta ar aon dul leis an gceann i Newsweek Polska seans nach dtiocfadh aon laghdú ar shluaite Polannacha ag triall ar Éirinn agus ráta dífhostaíochta 18 faoin gcéad ina dtír dhúchais.