Filleann Fianna Fáil gan feall

Le linn an olltoghcháin deireanaigh, d’iarr Phil Hogan (FG) ar lucht tacaíochta Fhianna Fáil a vótaí a thabhairt uathu ar iasacht…

Le linn an olltoghcháin deireanaigh, d’iarr Phil Hogan (FG) ar lucht tacaíochta Fhianna Fáil a vótaí a thabhairt uathu ar iasacht d’Fhine Gael.

Bhí sé seiftiúil go maith mar achainí. Thug margadh cliste Phil Mhóir an deis do lucht Fhianna Fáil an gníomh doshamhlaithe a dhéanamh gan scrupal coinsiasa.

Ní rabhadar ag dul cúl le cine. Ní raibh ann ach iasacht; socrú sealadach. Mhúinfí ceacht don pháirtí agus d’fhillfí ar an nead arís nuair a bheadh an ceacht sin foghlamtha acu.

Léirigh beartaíocht Phil gurbh fhearr i bhfad an tuiscint a bhí aige ar threise na dílseachta polaitiúla sa Stát seo ná mar a bhí ag lucht an uile-eolais a bhí ag áiteamh go muiníneach go raibh deireadh go deo le Fianna Fáil.

READ MORE

Ní dócha, áfach, gur shamhlaigh sé féin fiú go mbeadh saighdiúirí na cinniúna ag dul faoina dhéin chomh luath seo ag lorg a vótaí thar n-ais. Cé nach bhfuil siad tagtha go dtína dhoras ina sluaite fós, is léir, i gcás dream áirithe daoine ar a laghad, gur nóta gealltanais é seo nach raibh sé i gceist acu síneadh ama rófhada a chur leis.

Pé scéal é, de réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, tá Fianna Fáil in uachtar arís mar an páirtí is mó sa Stát.

Ní leor ann féin an dílseacht pholaitiúil chun an teacht aniar sin a mhíniú. Ní leor ach an oiread míniú tráchtairí áirithe gur cruthúnas atá ann go bhfuil muintir na hÉireann chomh dúr sin nach cuimhin leo inniu cé a dhein an drochbheart inné orthu.

Vótáil os cionn 40 faoin gcéad den phobal d’Fhianna Fáil i dtoghcháin 2002 agus 2007. Dealraíonn sé anois nach raibh cuid de na vótóirí a thréig an páirtí i dtoghchán 2011 ach ag fanacht le leithscéal chun a dtacaíocht a thabhairt arís dóibh.

Tá a leithscéalta anois acu agus formhór na leithscéalta sin bronnta orthu ag páirtithe an Rialtais seachas ag Fianna Fáil féin.

I dtoghchán 2011 bhí sé i ndán d’Fhianna Fáil go ndéanfadh vótóirí slad orthu agus ba chuma cén t-iontas a gheallfaí dóibh. Fós féin, ní fhéadfadh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre staonadh den bhaothchaint agus den bhaothgheallúint.

Ní raibh aon srian leo, fiú agus an toghchán buaite acu. Fógraíodh i mbrollach chlár an chomhrialtais “gur tharla réabhlóid dhaonlathach in Éirinn ar 25ú Feabhra” go raibh deireadh le “seanchreidimh” agus “seantraidisiúin”.

Ní haon iontas go raibh daoine ag súil le gaiscí. Is cuma anois cén dochar a rinne Fianna Fáil nó cad atá bainte amach ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, tá daoine den tuairim nár chathair mar a thuairisc í an “réabhlóid dhaonlathach” sin a thosaigh “le buille an phinn luaidhe sna mílte stáisiún vótála”.

An rud a thagann go saoráideach, imíonn sé ar an gcuma chéanna agus is furaist an buille den pheann luaidhe a scriosadh.

Cé go bhfuil a gcéilí comhraic ag cabhrú go mór leo, chaithfeá creidiúint a thabhairt d’Fhianna Fáil féin chomh maith as a dteacht aniar, go háirithe agus gan aon rogha acu ach tacú le cur chuige eacnamaíochta an chomhrialtais atá, a bheag nó a mhór, ar aon dul leis an gcur chuige a bhí ag an gcomhrialtas deireanach.

Tá ag éirí leo áil a dhéanamh den éigean, áfach.

Tacaíonn siad le mórpholasaithe airgeadais an Rialtais agus cáineann siad an Rialtas mar gheall ar an toradh a bhíonn ar na polasaithe sin.

Glacann siad leis an déine i bprionsabal ach ní ghlacann siad, mar shampla, leis na ciorruithe ar an nGarda Síochána nó leis an gcáin réadmhaoine.

Bíonn cuma chuiditheach, stuama an státaire ar Mhicheál Martin agus é ag cur fáilte sa Dáil roimh mhargadh an rialtais le Banc Ceannais na hEorpa, ach ní bhíonn aon drogall ar a theachtaí dála dul ar an ionsaí faoi gach rud ón dtáille don umar seipteach go dtí an deontas don ghúna comaoineach.

D’fhéadfaí “freasúra leath-dhearfach” a bhaisteadh air. Mar chuid den “fhreasúra leathdhearfach” seo ag Fianna Fáil, aithnítear Eamonn Gilmore mar an ceannaire is leochailí sa Dáil.

Is léir go bhfeictear dóibh go mbeidh ceann feadhna an Lucht Oibre ceangailte go deo in intinn an phobail leis an bhfeachtas ríúil “Gilmore mar Thaoiseach” agus an ráiteas bladhmannach úd “Bealach Frankfurt nó bealach an Lucht Oibre”.

Go deimhin, tá Fianna Fáil chomh siúráilte sin go bhfuil an gléas caillte ag Gilmore go gcreideann siad gurb é an tslí is éifeachtaí chun barra thuisle a bhaint as Sinn Féin ná iad a chur i gcomparáid le Páirtí an Lucht Oibre.

“Gilmore-lite” a thug Micheál Martin ar Gerry Adams le déanaí agus “Labour-lite” atá baistithe ag urlabhraithe eile ón bpáirtí ar Shinn Féin.

Ní mhaithfidh cuid den phobal go deo d’Fhianna Fáil a mífhreagracht i mbun na cumhachta agus tá bóthar fada anacair fós le cur díobh ag an bpáirtí.

Níl aon dul chun cinn á dhéanamh acu san ardchathair, áit nach bhfuil oiread is suíochán amháin acu. Tá geall leis an leibhéal céanna tacaíochta go náisiúnta acu is a bhí acu faoi cheannaireacht Bhrian Cowen sna toghcháin áitiúla i 2009.

Mar sin féin, ba chóir go dtuigfeadh páirtithe an Rialtais faoin dtráth seo an baol a ghabhann le bheith ag brath ar iasachtaí.