File fuaite

Crobhingne: Ní móide go mbronnfar duais Nobel na litríochta choíche air. Níl sé sábháilte go leor chuige sin

Crobhingne: Ní móide go mbronnfar duais Nobel na litríochta choíche air. Níl sé sábháilte go leor chuige sin. Ná ní bhaineann sé le cúis pholaitiúil a mbeidh na foirgintí bunaithe á cur ar aghaidh. Neamhtheanga a theanga ó neamhstát ach ní neamhbhalbh a bhí.

Chonaiceamar a phictiúr le seachtain anuas, ann is as idir Bush agus Blair agus Bertie agus Beckham. Snáth glas cadáis ag snaidhmeadh a bheola le chéile, an snáth céanna ó chaipíní a dhá shúl go craiceann bog na n-imeall laistíos á nglasadh go daingean, pluais a dhá chluais dúnta in aghaidh an tsaoil. Ná labhartar olc, ná feictear olc agus ná cloistear olc.

Abas Amini a ainm. Curdach fir ar a choimeád. É ag lorg dídin sa Bhreatain in aghaidh na géarleanúna arb é cinniúint laethúil na gCurdach é. Nuair a thoiligh an córas stádas teifigh dó, chuir Oifig Bhaile na Ríochta go pras ina choinne. Chrom ar stailc ocrais láithreach mar agóid in aghaidh a héilimh go ndíbreofaí soir arís é chun an stáit inar chaith sé na blianta i bpríosún cheana.

Mar bhreis ar an stailc ocrais d'fhuaigh sé a shúile, a chluasa, agus a bheola le chéile chun aird a tharraingt ar dhrochíde a mhuintire féin agus gach teifeach eile atá ag iarraidh teacht slán ó bhéist nó ó bhrúid nó ó bhochtaineacht.

READ MORE

Tá aithne agam ar dhaoine mioscaiseacha adéarfadh nár drochní amach is amach é dá gcuirfeadh gach file glas ar a bhéal le sreang dheilgneach.

Nó a súile uile a dhúnadh ar eagla go stánfadh siad ar lusa crom cinn agus dán buí a scríobh ina dtaobh, nó a gcluasa a stupadh le stuif ionas nach dtitfeadh siad i gcathú línte eile a bhreacadh ar cheol na mara nó raic éigin. Ach scaoilimis na puthadóirí sin tharainn agus éistimis lena raibh á rá aige.

Glam ciúnais ba ea gníomh Abas Amini. Is beag is féidir leis an duine aonair a dhéanamh go minic in aghaidh buamaí agus ceartchreidimh agus leonadh na daonnachta. Is róchuma le himpirí an domhain, leis an mBlár Cogaidh, ná leis an Tom Tine, ná leis an Raispín Putin ná lena gcuid giollaí póca ar an saol seo.

Ar leith amháin tá Ais an Oilc, dar leo, ach má théann duine ar a theicheadh uaithi is gairid go mbeidh sé le sacadh ar ais ina craos arís; tá domhandú earraí go breá, ach ná scaoiltear le domhandú daoine go brách nó is sinne is salaí.

Is féidir scread a ligean, nó leabhar a scríobh, nó sú tráta a chaitheamh. Is féidir amhráin a rá nó ceol a bhualadh. Is féidir filíocht a scríobh mar a dhein Máire Bhuí Ní Laoghaire nó Máire Mhór nan Óran nó Abas Amini.

Is féidir, áfach, go mbeadh fuar agat, mar baineann éifeacht filíochta chomh mór lena bhfuil de ghunnaí laistiar díot, lena bhfuil de chairde sa chúirt, lena bhfuil de phuint sa sparán, lena bhfuil ded chuid focal ar an ngaoith le pé rud is fiúntas fileata ann.

Tart chun na córa is ea a bhí ag tiomáint ár bhfile-ne. Ach is cuma cé mhéid dánta a chum sé, cé mhéid amhrán a cheolfadh sé, cé mhéid éigsí ar fhreastail sé orthu, cé mhéid iontas d'iontais aoibhne an fhriotail dhiaga a ghréasfadh sé go dlúthfite le chéile thar thinfeadh anonn, éisteacht ná éisteacht ní bhfaigheadh sé ina urlabhra bhladair féin.

Ní bhaineann Curdaigh leis an dioscúrsa fairsing daonna. Theipfeadh orthu fiú páirt a ghlacadh sa sorcas mór iarchoilíneach, mar an 't-iar' sin níor shroich chucu fós.

Ar scaradh na ngabhal idir cúig stát éagsúla ar éigean gurb eol dóibh cé ina n-aghaidh a bheadh siad iarchoilíneach, ach an chaoi a fháil.

Cad is féidir le file a dhéanamh sa chás sin? An file a bhfuil buamaí agus stát laistiar dó, tá caolsheans ann go n-éistfear leis i gcallán coiteann na cruinne. Ach an file Curdach?

Cuirfidh sé glas ar a bhéal, fuafaidh sé a shúile le chéile, dúnfaidh sé an saol seachtrach amach, mar sin é an t-aon bhealach amháin a bhfaighidh sé a ghuth dílis féin ar ais.

Finné is ea na snátha glasa ar a bhailbhe féin, agus ar bhailbhe gach n-aon mar é. Nuair a iann tú an doras ar an saol níl áit ar bith le dul ach isteach ionat féin, isteach ar fud na filíochta sin is gach duine ann.

Agus mura gcloistear a bhfuil ar siúl istigh san anam cróga misniúil sin, ar a laghad ar bith tuigtear go bhfuil rud éigin le rá aige. Tuigtear i bhfad níos soiléire é ná mar a thuigfí dá n-aithriseodh sé a chuid filíochta os ard in aghaidh an tsaoil.