Fiche bliain gan Mhúr Bheirlín

 

BEOCHEIST:DÍREACH 20 bliain ó shin, i mí na Samhna 1989, cuireadh deireadh le Múr Bheirlín agus le deighilt na cathrach nuair a bhain muintir Oir-Bheirlín a saoirse amach. Tamall ina dhiaidh sin tharla athaontú na Gearmáine.

Tá Beirlín féin athaontaithe anois, agus ní cheapfá agus tú ag dul thar Gheata Brandenburg go raibh Múr Bheirlín ina sheasamh anseo uair amháin agus nach bhfuil rud ar bith le do chosc anois dul ó iarthar na cathrach go dtí an t-oirthear, ach amháin go bhfuil an chathair chomh mór sin go gcuirfeadh sé tuirse ort an tsiúlóid sin a dhéanamh. Pé scéal é, bíonn mothúchán iontach saoirse agat.

Leagadh an Múr ar fad tar éis 1989, agus cinnte go raibh fuath ag muintir na cathrach ón dá thaobh dó, ach táthar ag iarraidh séadchomhartha a dhéanamh as cuid de agus é a choinneáil ionas go mbeadh a fhios éigin ag an ghlúin atá le teacht cad a bhí ann.

Anois feiceann an cuairteoir Beirlín nua os a chomhair. Tá foirgnimh mhóra nua tógtha i ngach áit. Tógáil gan plean cuimsitheach atá ann, áfach.

Tá sé ró-éasca foirgnimh a leagadh agus foirgnimh nua a chur ina n-áit, mar shampla mar atá déanta ar an Unter den Linden, nó ag an Potsdamer Platz, nó i gceantar an rialtais.

Níl croí sna ceantair nua seo. Tá rudaí níos beo agus níos bríomhaire ar an Kurfürstendamm, an “Ku-Damm”, sráid a bhí i gcónaí in Iar-Bheirlín. Sin mar atá na siopaí móra agus na bialanna faiseanta.

Deirtear go minic gurb é cathair Eorpach na todhchaí atá i mBeirlín. Sin a rá go bhfuil sé cúl, sofaisticiúil agus nuafhaiseanta. Ach an bhfuil croí ann, anam ann, mar atá ag Páras agus ag an Róimh?

Bíonn an smaoineamh agat nach maireann aon rud anseo le fada. Smaoiníonn tú ar an scrios a deineadh ar Bheirlín: na foirgnimh a leag na comhghuaillithe i mbuamáil na cathrach, agus nár atógadh, agus na foirgnimh a leagadh idir an dá linn toisc nár thaitin siad leis an Oir-Ghearmáin nó leis an Ghearmáin athaontaithe.

Is dócha go raibh an iomad scriosta agus buamála anseo. Ní féidir le héinne seansmidiríní na cathrach a chur le chéile arís.

Foréigean a rinne Beirlín mar atá sé. Foréigean an chogaidh, foréigean an Mhúir. Ach tá foréigean áirithe sna foirgnimh nua – ní chuireann siad le chéile leis an gcathair mar atá sí nó mar a bhí sí roimhe.

Déarfainn féin go bhfuil meigleamáine de shaghas ag baint le Beirlín. Tá an chathair agus na foirgnimh rómhór dos na daoine a bhfuil cónaí orthu inti.

Is amhlaidh a bhí sé i ré Hitler, an uair dheiridh go raibh Beirlín ina phríomhchathair.

Agus na Naitsithe i réim sa Ghearmáin, bhí sé ar intinn ag Hitler príomhchathair an domhain a dhéanamh as Beirlín. “Germania” a thabharfaí air ar deireadh.

Bhí sé ar intinn aige friotal a chur ar an mórtas cine tríd an ailtireacht. Bheadh ailtireacht na cathrach níos fearr ná aon ailtireacht ar domhan, toisc an cine “Airíoch” bheith ina gcónaí ann.

Ealaíontóir ab ea Hitler féin ar dtús, agus bhí an-mheas aige ar ealaíontóirí ar éirigh leo, ailtirí ina measc. An t-ailtire ba ghile le Hitler ná Albert Speer. B’é Speer an duine a bhí chun foirgnimh ollmhóra áille a cheapadh agus a thógáil don Bheirlín nua. Chaith Hitler agus Speer an-chuid ama le chéile ag plé le dearadh na bhfoirgneamh seo. Ar ndóigh, chailleadar an Dara Cogadh Domhanda agus bhí deireadh le pleanáil cathrach na beirte.

Chuaigh mé ar siúlóid ar an Voss-Strasse ar thóir na Naitsithe agus bunker Hitler, an áit ar sheas sé an fód i gcoinne a naimhde i 1945. Ach is amhlaidh nach raibh tásc ná tuairisc ar an bunker, agus bhíothas tar éis foirgnimh árasán agus oifigí a chur ina áit. Is léir nach bhfuil sé ar intinn ag muintir Bheirlín cuimhneamh ar an am sin.

Ach cad a déarfá faoin ailtireacht ollmhór nua sa lá atá inniu ann? Níl plean ar bith le feiceáil san atógáil nua; níl aon phlean amháin cuimsitheach do Bheirlín. B’fhéidir go bhfuil sé de chinniúint ar Bheirlín bheith ina chathair ollmhór meigleamáineach i gcónaí riamh, áit a mhothaíonn an gnáthdhuine go bhfuil gach tábhacht ag baint leis na foirgnimh agus nach bhfuil an iomad sin tábhachta ag baint leis féin ná lena shaol.

Ní féidir le Beirlín aghaidh a thabhairt ar a chuid staire féin, toisc na deamhain agus na taibhsí bheith chomh bagrach is atá siad go fóill agus gan uaigh acu. Is féidir an Múr a leagadh agus foirgnimh nua a chur san áit ina raibh bunker Hitler. Ach níl sé chomh héasca sin deamhain na staire a dhíbirt.