Fiche bliain

CROBHINGNE: NÍ DÓICHÍ aon ní ná an bhréag a séanadh

CROBHINGNE:NÍ DÓICHÍ aon ní ná an bhréag a séanadh. Comóradh tá á dhéanamh, más comóradh é, ar thurnamh an chumannachais in oirthear na hEorpa tá 20 bliain ó shin ann.

An chuid againn a dhúisíodh i ndeireadh an Aifrinn sular déanadh éacúiméineach agus deas é, gheibhtí sinn ag guí ar son iompú creidimh na Rúise. Cé dúirt nach raibh anáil ag na paidreacha sin ar thitim na ndeachtóireachtaí thoir?

Is deacair a bheith maoithneach mar gheall ar na réimis lofa a bhí i gceannas in oirthear na hEorpa ó bhua an chumannachais ar an bhfaisisteachas sa bhliain 1945. Ní túisce díoltas an diabhail ná déithe bréige ag seinneamh trumpaí as gach aird. B’iad na cumannaigh ba mhó a chloígh an faisisteachas, agus mar adéarfadh na Sasanaigh ach nach ndúirt, mura mbeadh Stalin, bheadh Gearmáinis á labhairt acu go léir.

Bhí cruatan agus bastardaíocht ag baint leis na réimis sin. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den chruatan sin, ach níor chóir a mhóradh ach an oiread.

READ MORE

Nuair a scaoileadh snaidhm na cainte san oirthear, chuir sé iontas ar a gcuid iriseoirí a raibh á rá d’aon ghuth thiar abhus. “Ghlac sé príosúin agus gulaig chun na haontachta sin a bhaint amach inár meascna,” ar siad, “conas is féidir libhse daoine a thabhairt ar aon dath gan iad a chur faoi ghlas?”

Táimid fós ag feitheamh leis an bhfreasúra sin. Thit an cumannachas as a chéile san Eoraip thoir agus fíoraíodh ráiteachais lucht aor a chumadh; thit an caipitleachas as a chéile san Eoraip thoir is thiar agus táimid fós ag feitheamh leis an mbeachtaíocht, ní áirím an greann.

D’fhiafraítí: “cad is cummanach ann?” “Duine a bhfuil saothar Mharx agus Lenin léite aige.” “Agus cad is frithchumannach ann?” “Duine a thuigeann iad.”

Deirtí gurbh fhearr an córas cumannach ná córas ar bith eile, mar gur réitigh sé deacraí nach raibh trácht orthu i sistéim eile.

Agus cén fáth go raibh cosc ar dheoch láidir le linn thoghcháin san Ungáir? “Ionas nach bhfeicfeadh aon duine dhá pháirtí san áit nach raibh ach aon pháirtí amháin!”

Bhíodh trí chuid i bpobal an tSóivéid Aontaithe: iad siúd a bhí i bpríosún cheana; iad siúd a bhí sa phríosún faoi láthair; agus iad siúd a bhí ag feitheamh le dul sa phríosún fós.

Cad ba mhalartú tuairimí ann in oirthear na hEorpa? Dul go dtí cruinniú led smaoineamh féin agus filleadh le ceann an pháirtí.

Is ar a leithéid sin a tháinig daoine slán, ach má tá aoir anseo abhus, ní bhaineann ar aon tslí le fothaí an chórais. Is fíor gur féidir greann a bhaint as na baincéirí agus as an athrú saoil.

Chuir an cúlú eacnamaíochta mórán daoine ar a gcosa arís; chaill siad a ngluaisteáin, agus táid ag siúl ó shin. Chuaigh cara liom go dtí an banc ag brath ar go bhféadfadh sé gnólucht bheag a thosnú. B’í comhairle a fuair sé gnólucht mhór a cheannach agus fanacht tamall.

Ach ní hionann an phriocaireacht seo agus an tuiscint go bhfuil an córas a tháinig mar oidhreacht anuas lofa ó phréimh aníos. Bhí rud éigin ceart ag baint le bua na gcumannach ar fud oirthear na hEorpa. B’é ceart é ná gurbh iad ba mhó agus b’fhíochmhaire agus ba phrionsabálta a throid in aghaidh na Naitsíoch Gearmánach.

Sa Ghearmáin féin, ba bheag freasúra a bhí ann le linn na mblianta dorcha, i leataoibh ó na cumannaigh. San Iodáil, bhí na cumannaigh fós ag troid nuair a bhí an pobal go ciúin ag faire na gaoithe roimh mharú Mhussolini. Sa Ghréig b’iad na treallchogaithe cumannacha ba mhó a ruaig na Naitsithe as an bhfearann. San Iúgsláiv ní raibh de sheasamh i gcoinne fhórsaí na gcampaí báis ach cumannaigh Thito. Níorbh iad na cumannaigh a chuir na páistí ar na traenacha soir ón bhFrainc.

Nuair a chíonn tú anois na grianghrafanna de na holl-léirsithe sa Ghearmáin sna blianta iarchogaidh, agus iad ag gearán i gcoinne na deighilte agus an smachta, conas nach rithfeadh sé leat gurbh iad seo na daoine céanna ar an mórchóir a bhí breá sásta leis an ionradh soir, leis na campaí báis, leis an gcinedhíothú? Is cinnte nach raibh pioc de ghíocs astu nuair a bhí na cumannaigh dár saoradh ar an bhfaisisteachas.

Theip ar na rialtais chumannacha thoir mar bhí siad stálaithe, stóinsithe, gan smaoineamh, gan samhlaíocht. Ach is iad lucht a bpáirte a theasargain na Giúdaigh ón mbás, na Slavaigh ón sclábhaíocht, agus an chuid eile againn ón bhfaisisteachas.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar