Fiareolas

CROBHINGNE: CÉ NACH gcloistear cuid mhór de fhrásaíocht leisciúil na huaire níos mó, tá sé deacair deireadh a chur le cuid di…

CROBHINGNE:CÉ NACH gcloistear cuid mhór de fhrásaíocht leisciúil na huaire níos mó, tá sé deacair deireadh a chur le cuid di. D'imigh "dréimire an tsealúchais" as faoi na billiúin tonna de choincréit nach gcothóidh bríce ar bhríce eile go ceann i bhfad, agus tá "tithíocht inacmhainne" tagtha ar ais os cionn cláir.

Fós féin tá an “geilleagar eolasbhunaithe” i gcónaí ar snámh timpeall san dioscúrsa oideachais bíodh nach mórán eolais a bhíonn ag an té a bhaineann leas as de ghnáth. Ní fhiafraítear riamh, áfach, cad é an t-eolas ar a mbeidh an geilleagar bunaithe, ná cad é an t-eolas is ceart a bheith ar fáil go coiteann inár dtimpeall.

Bítear ag gearán nach dtugann teilgean Mercator toise cruinn an domhain dúinn ar léarscáil, agus is féidir mapaí a cheannach san Astráil a chuireann a mórchríoch féin san leathsféar thuaidh agus an chuid eile againn i dtóin an domhain ó dheas. Táimid ar fad fiarshúileach agus claonta, gan amhras.

B’fhurasta léarscáil a dhéanamh de scéalta nuachta na meán cumarsáide, idir chlóite agus leictreonach. Bheadh ár gcuid scéilíní beaga áitiúla againn gan teip, an scannal seo, an lámhach úd, an sceanairt is déanaí i Luimneach, an pinsean polaiteora, an réalta scannáin nach bhfuil ag siúl amach níos mó leis an réalta scannáin a mbíodh sé ag siúl amach léi an tseachtain seo caite, na daoine a chreideann go bhfuil Hannibal Lecter beo, an suirbhé a léirigh go ndúirt daoine go raibh siad ar son níos mó gréine a bheith acu, an ceoltóir rac nár ith riamh burgar...

READ MORE

Tá’s agaibh. An saghas eolais a ghealann an lá agus a mbeadh an oíche níos dorcha á cheal. Déantar léarscáil de sin, móide na scannáin teilifíse is ansa linn, agus na leabhair a bhfuil fáil orthu, agus an ceol a ghabhann isteach inár gcluasa dár n-ainneoin, agus gheofaí amach nach mbeadh in at theilgean Mercator ach frigh de ghoirín suas is anuas leis an bhfiaradh eolais atá inár dtimpeall.

I léarscáil eolais an domhain bheadh na Stáit Aontaithe ar an mbolg is mó ar fad, agus ní bheadh i gcuid de na tíortha is fairsinge agus is mó daonra ach pochóid bheag gan aird ar chorp na cruinne.

Cad tá ar eolas againn, le fírinne, faoin India seachas go gcaitheann siad éadaí aite, go n-ólann a miúileanna as an nGainséis agus go labhrann siad ar nós muintir na Breataine Bige?

Nó faoin tSín, taobh amuigh den fhalla sin timpeall orthu, go n-itheann sushi (nó an dream eile iad sin?), agus gur maith leat uimhir a 24 ar an mbiachlár?

Uaireanta, is fiú an cheist a chur, de na scéalta iomadúla sin ar fad atá ina dtulcaí chugainn go laethúil, cé mhéid díobh go mbeidh feidhm leo i gcionn glúine nó dhó, gan trácht ar chéad bliain féin?

Is cinnte nach mbeidh mórán suaite faoi, abraimis, bás Michael Jackson nó faoin ngúna a chaith nó nár chaith Nicole Kidman nó faoin maide a bhí in úsáid ag Tiger Woods.

Nuair a fhéachaim isteach i mo chuid cadairní criostail ní fheicim ach doircheacht. Ach ó am go chéile gluaiseann an tSín agus an India agus an Bhrasaíl an treo, agus ó chúinní dramhaíle na nuachtán feicim leigheas ar chineál áirithe ailse, nó dul chun cinn san taighde gaschealla suthacha a chuirfidh deireadh go brách le galair eile, nó go bhfuarthas uisce ar phláinéad amuigh ansin.

Tharlódh tábhacht i bhfad níos mó a bheith ag na scéalta beaga sin nach bhfeictear ná sochraidí craoltóirí nó an ráiteas is déanaí ó bhaincéir.

Sampla follas den fhiaradh sin is ea gur dhein an Rúis comóradh an deireadh seachtaine seo caite ar an mbua a rug siad ar an nGearmáin Naitsíoch tá 65 bliana ó shin ann. Murach go raibh Beairic Ó Buama agus maithe móruaisle timpeall, ní móide go ndéanfaí lua ar éigean air sna meáin abhus.

Agus fós is é an chúis nach bhfuil Reich Gearmánach ar fud na críche ná gur chuaigh 27 éigin milliún Rúiseach chun báis dár gcosaint. B’fhéidir nach ócáid faoi leith cuimhne cúig mbliana agus trí scór ach déantar buabhallóireacht bhliantúil go leor níos gaire don bhaile ar imeachtaí is lú tábhacht ná seo.

Ní féidir linn cothromaíocht eolais a bhaint amach, gan amhras, ach is minicí ná a chéile gur fiareolas is ea na fíorais a chuirtear os ard.

Ní hé gur bréaga a bhíonn á scaipeadh, fág go mbíonn siad sin ann go tiubh, ná go dtiocfadh dod ar an eolach dá n-inseofaí an iomad, ná go dtuigeann an saol leamhfhocail, ach nach mbíonn puinn tábhachta ag baint lena stuáiltear sinn lasmuigh de chillíní an chloiginn a chigilt le cleite.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar