Feirm an ghleanna

CROBHINGNE: IS IAD na leithscéalta is mó is suim liom

CROBHINGNE:IS IAD na leithscéalta is mó is suim liom. Beidh sé ina raic sar i bhfad idir tincéirí na hÉireann agus pobal lonnaithe Basildon, OirShacsan, i Sasana. Is ea, tá's agam, níor cheart tincéirí a thabhairt orthu níos mó ach lucht siúil, nó lucht taistil.

Ach go leor acu ní bhíonn siad ag siúl, agus is lú ná sin a bhíonn siad ag taisteal. Tugtar Críostaithe ar dhaoine a mharaíonn na céadta míle in ainneoin go ndeir sé áit sa Bhíobla nach bhfuil cead agat aon duine a mharú. Ó sea, is dóigh liom gur in Eacstasaí 13 atá sé, ach ní fhéadfainn a bheith cinnte de cheal an leabhar a bheith os mo chomhair. Tincéirí ba ea iad riamh in Éirinn, bíodh gur beag duine díobh a bhíonn ag tincléireacht níos mó.

Ach is iad na leithscéalta mo chúram. Caithfear a bheith faichilleach timpeall air seo. Go minic, ní bhíonn na mionlaigh seo, na daoine amuigh ar an imeall,na pobail gan leathchos féin acu ar chlár na himeartha, is minic nach mbíonn siad inbharróige.

Bíonn a sciar féin de bhligeaird acu, agus daoine nár nigh iad féin ar maidin, agus a mbíonn prioslaí lena mbéal, agus tuin cainte nach gcloisfí ag léamh na nuachta. Ní bhíonn siad aon phioc níos measa ná an chuid eile againn, seachas nárbh iad a ghoid airgead na tíre.

READ MORE

Bíonn gá le leithscéalta, mar sin. Is é an leithscéal oscailte sonrach ná nach bhfuil cead pleanála ag cuid acu a bheith san áit ina bhfuil siad. Tá seo fíor, gan amhras, agus is é an dlí an dlí. Ach ní gan timpist atá deighilt againn sa Ghaeilge idir “dlí” agus “ceart”. Tá dream daoine ina gcónaí ann, a rugadh is a tógadh san áit, chomh cinnte is atá buille i mbata bhacaigh, agus atá ann níos faide ná go leor de pháistí na bhfaichí is na ngairdíní deasa. Tá an saol tiubh le samplaí de dhaoine neamhghlana á ndíbirt ó áit go háit: “You better get born in somewhere else/Move along, get along/Move along, get along/Go, move, shift!”

Ní raibh leithscéal na pleanála ann ar dtúis, gan amhras.

Nuair a ghluais na teaghlaigh bhreise mhídhleathacha shalacha isteach i dtosach, chuaigh siad ar scoil. Cén fáth nach mbeadh léamh agus scríobh ag teastáil ó thincéir ach an oiread le baincéir? Gan choinne, thosnaigh na tuismitheoirí lonnaithe ag baint a gcuid páistí féin as an scoil áitiúil. Ná bí buartha, tharla sé in Éirinn chomh maith céanna. Is dócha go raibh leithscéal éigin acu – míolta gruaige, nó boladh ascaille, nó blas cainte ó Ráth Caola. Níor thuig siad go raibh an t-ádh leo, mar d’fhéadfadh blas cainte is measa ná é a shairsingiú orthu a shalódh a gcluasa.

Pé leithscéal a bhí acu, níorbh é an fhírinne é. Is é an fhírinne ná galántacht agus móiréis agus snobaireacht. Agus ciníochas, leis. Ní deireann duine ar bith, “Ó sea, is ciníochaí claonta biogóideach mé a cheapann gur agam atá an fhírinne agus an caighdeán is airde céim sa bheatha dhaonna ar fad riamh agus duine ar bith nach bhfuil cosúil liom ní fiú leis a bheith ina chónaí i ngiorracht scread péine páiste don áit dhúchais fhíonghlan ina bhfuilim,” nó rud éigin mar sin.

Bhí tráth ann nuair ab fhéidir a leithéid sin a rá go hoscailte, ach ní féidir níos mó. Cód is ea an leithscéal slím sleamhain amuigh ar son rud éigin liongarach lofa istigh. Má tá gamail fhrithghiúdacha fós ann, agus fidl-feaidlí frithhómoighnéasacha, fanann siad ar an mórchóir ina dtost. Bíonn slite acu gan amhras, slite an leathfhocail, an noid, an “tá’s agam, tá’s agat,” na mungailte cainte agus solas ar lasadh ann. Tá scáil an uileloiscthe trasna ar aon dioscúrsa a bhaineann le Giúdaigh, agus ar uaire le hómoghnéasaigh. Níor thrasnaigh an scáil sin coinsias na hEorpa fós maidir le tincéirí, lucht taistil, giofóga, bóithreoirí, learairí, daoine coséadroma. Ní maith linn an chloch a ghluaiseann. Mar ba sinne iad. Bhíomar go léir mar sin tráth. Inár bhfánaithe.

Dhíbir Sarkozy – an t-inimirceach aon ghlúine – na giofóga as campaí san Fhrainc toisc nach raibh siad ag imeascadh mar ba chóir. Scaip 40 garda lánarmtha Fionlannach 30 baineannach agus leanbh Roma as campa dá gcuid an tseachtain seo thart, agus gan gíocs as cách a raibh tithe acu.

N’fheadar aon duine, ach an beagán, cad tá déanta mar olc do ghiofóga oirthear na hEorpa ag daoine sibhialta a ghuíonn chun Dé ó dhún na Rúisigh na campaí báis.

Ní hionann inné is amárach, gan amhras. Nuair a thiocfaidh na saighdiúirí agus na gardaí agus na hollscairtirí is na caiteoirí lasracha is na madraí allta go dtí teaghlaigh Fheirm an Ghleanna, níor tharla a leithéid riamh cheana. Níor tharla, dáiríre!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar