Feile Feirste

Beidh féile amhránaíochta, Ó Bhéal go Béal Feirste, ar siúl i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste idir an Aoine 7ú agus…

Beidh féile amhránaíochta, Ó Bhéal go Béal Feirste, ar siúl i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste idir an Aoine 7ú agus an Domhnach 9ú, Bealtaine, 2004.

Beidh amhránaithe as Éirinn agus Albain i láthair, ina measc, Lasairfhíona Ní Chonaola as Inis Oírr agus Anne Martin as an Eilean Sgitheanach.

Beidh ceardlanna ar siúl le linn an deireadh seachtaine le go mbeadh deis ag ábhar amhránaí barr feabhais a chur ar an ghlór.

Lena chois sin, beidh lear mór imeachtaí ealaíne ar siúl sa Chultúrlann idir seo agus deireadh mhí an Mheithimh: drámaíocht do dhaoine óga; ceolchoirmeacha le hEllika agus Solo ón tSualainn, Altan agus Bréag as Éirinn agus seolfar an leabhar is nuaí ó Chlub Leabhar Choiscéim Feirste, Aiséirí an Icearais le hAnraí Nic an Ultaigh.

READ MORE

Tá clár iomlán imeachtaí ar fáil. Eolas: 048-90964180 oifigfailte@irelandclick.com