Feachtas leabhar

Tá feachtas bolscaireachta leabhar á eagrú chun aird na siopaí leabhar agus na leabharlann a dhíriú ar líon na leabhar Gaeilge…

Tá feachtas bolscaireachta leabhar á eagrú chun aird na siopaí leabhar agus na leabharlann a dhíriú ar líon na leabhar Gaeilge a fhoilsítear gach bliain, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is iad Cumann Leabharfhoilsitheoirí na hÉireann i gcomhar leis an Áisíneacht Dáiliúchán Leabhar Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon atá ina bhun. Scaipfear eagrán speisialta de An Léitheoir ar shiopaí agus leis na hirisí, Comhar agus Books Ireland i mí an Mhárta.

Tá alt suimiúil i nGaeilge agus i mBéarla le Declan Kiberd ann ina ndéanann sé cás ar son clár litríochta i nGaeilge agus i mBéarla bheith ar TG4: "Tá sé léirithe ag TG4 cheana gur féidir le táirge snasta nua-aoiseach an ceangal a chothú arís idir an Ghaeilge agus sciar maith den ghlúin óg. Tá an cineál sin táirge freisin ag foilsitheoirí na Gaeilge cheana féin. Níl le déanamh ach úsáid loighiciúil a bhaint as TG4 agus b'fhéidir go mbeadh eiseamláir fhónta le fáil sa chlár litríochta ar an gcainéal Francach TV5, clár a mbaineann cuid mhaith againn a bhfuil níos lú Fraincise ná Gearmáinise againn taitneamh as gach tráthnóna Domhnaigh."