Faoiseamh agus Domhnach na Fola

 

BEOCHEIST:NÍ ANN don náisiúnach meánaosta as Doire nár mhothaigh faoiseamh ó phian sheanfhulaingthe éigin nuair a scaoileadh tuarascáil Saville ar Dhomhnach na Fola. Fiú tar éis beagnach 40 bliain.

Ní raibh freagraí cuimsitheacha ag Saville ach ghlan sé smál d’ainmneacha na marbh, rinne sé dúnmharfóirí de na saighdiúirí a bhí ciontach as an slad, agus rinne sé bréagadóirí de Widgery agus de na hoifigigh arda a chuir clúmhilleadh le marú tar éis an ghnímh.

Tá éagóir ollmhór curtha ina cheart ag Saville cé gur trua nár lean sé lorg na n-ordaithe míleata go dtí an barr. An bhfuil muid le creidiúint, dáiríre, gur rith na saighdiúirí “dea-smachta” seo isteach agus gur mharaigh siad daoine neamharmtha gan tuiscint éigin bheith tugtha gurbh é seo a bhí de dhíth ar a máistrí?

Beag an baol. Go háirithe i bhfianaise an mheamraim ón nGinearál Ford inar mhol sé go scaoilfí “selected ringleaders of rioters”, moladh a deirtear nár glacadh leis. Ach is leor nod don eolach.

Tá cáineadh déanta faoi chostas an fhiosraithe agus faoin mbealach gur díríodh isteach ar eachtra amháin i measc mórán eachtraí fuilteacha eile. Ach tá tábhacht ar leith leis an lá sin. Deireadh Margaret Thatcher go raibh bailte sa Tuaisceart lán chomh Briotanach le Finchley. Dá dtarlódh sé seo i bhFinchley, an mbeadh sé róchostasach?

Maraíodh i bhfad níos mó ná 13 ar shráideanna Dhoire an Domhnach sin. Maraíodh aon mhuinín, aon dóchas agus aon seans go bhféadfaí macalla mharfach an Phiarsaigh a choinneáil múchta: “They have left us our Fenian dead...”

In aineoinn bholscaireacht arm na Breataine, ní bunáit mhór phoblachtach ghníomhach a bhíodh i nDoire. I 1966, thosaigh a raibh fágtha den IRA i nDoire ag eagrú máirseála mar chomóradh 50 bliain ar Éirí Amach na Cásca. Chuige sin, theastaigh garda brataigh, is é seo an dream a bhíonn ag ceann na máirseála ag iompar na mbratach. Ní raibh go leor ball óg den IRA ná de na Fianna ann chun garda brataigh iomlán a chur le chéile i 1966 i nDoire.

Bhíodh seanfhondúirí ar nós Sean Keenan ann, daoine a bhí tar éis tréimhsí fada a chaitheamh i bpríosúin. Bhí baill eile den IRA fós i bpríosún ó aimsir fheachtas thubaisteach an IRA i 1956. Ach faoi 1966, bhí cúrsaí chomh holc gur cuireadh baill de na Fianna amach chun iarraidh ar chairde leo páirt a ghlacadh sa ngarda brataigh.

Nuair a shiúil na poblachtaigh trí Thaobh an Bhogaigh an Cháisc sin, ba bhocht an radharc iad. Leanaí a bhí i gcuid mhaith acu agus cé gur iarradh ar dhaoine siúl i línte singil, chun cuma éigin a chur air, ní fhéadfaí an easpa tacaíochta a cheilt.

Sa mbliain chéanna, sheas duine de na seanfhondúirí poblachtacha sin, Neil Gillespie, i dtoghchán Westminster i ndáilcheantar Dhoire agus ní bhfuair sé ach 2,860 vóta in aghaidh an 22,167 vóta a fuair Paddy Gormley ón bPáirtí Náisiúnach. Ba chathair náisiúnach bunreachtúil í Doire.

Maidir leis na poblachtaigh, sheas siad leis an dearcadh traidisiúnta. Ní raibh aon mhaitheas sa gcaint, dar leo, níor thuig an Bhreatain ach rud amháin. Bhíodh siadsan ag fanacht go dtiocfadh tromlach an phobail ar an dtuairim chéanna. Ba bheag a shíl siad go dtiocfadh an t-athrú sin go luath.

Faoin mbliain 1976, bhí caochlú iomlán tagtha ar an scéal. Maraíodh an oiread ball óg den IRA agus a chuirfeadh trí gharda brataigh ar fáil. Sna deich mbliana sin, bhí feachtas na gCeart Sibhialta tar éis rialtas Stormont a réabadh agus, mar thoradh, bhí foréigean forleathan ar na sráideanna. I gceantracha móra, is é an IRA a bhí ag rialú.

Bhí an tsean-namhaid, saighdiúirí na Breataine, ar ais agus barrach á chuartú acu chun lasair a chaitheamh ann. Ní rófhada go bhfuair siad é i dTaobh an Bhogaigh.

Is é Domhnach na Fola an rud ba mhó a d’athraigh meon an phobail a bhíodh ann i 1966. As sin amach, is é an dearcadh a bhí coitianta nach mbeadh aon réiteach sásúil ann anois ach Éire aontaithe. Mharófaí na mílte eile san iarracht.

Is féidir le gaolta na marbh sólás a bhaint as tuarascáil Saville agus as ráiteas bróin David Cameron. Ní chúiteoidh sé leo na blianta beatha nach bhfaca siad, an gharchlann nach mbeidh ann ná an gheallúint nár comhlíonadh. Ach tá sé de shásamh acu gur sheas siad an fód le misneach agus le dínit agus go bhfuil spioraid mhíshuaimhneacha Dhomhnach na Fola curtha ina luí go deo acu.