Faicsean faisean

CROBHINGNE: TÁ SIAD chugainn arís, na piúratánaigh éadaí

CROBHINGNE:TÁ SIAD chugainn arís, na piúratánaigh éadaí. Ó am go chéile smaoiníonn breillice éigin gurb é an t-éadach an duine mar chuala sé sin á rá ag múinteoir scoile fadó.

Nó go gcomharthaíonn seomra néata intinn néata. Bheadh chomh maith agat a rá gurb é an t-éadach an sclábhaíocht ar pháistí óga san India, nó gur samhail é an seomra néata d’intinn atá folamh. Ach níl troime an tsifín san argóint gur léiriú é an feisteas lasmuigh ar an duine laistigh.

Rith meafar úrnua friseáilte liom ó chianaibh, más féidir liom smaoineamh air: ó sea! ná déantar an leabhar a mheas ar a chlúdach.

De cheal dul i ngleic lena gcuid smaointe táthar ag iarraidh tabhairt ar theachtaí dána áirithe sa Dáil a bpaisean faisean a athrú. Tugtar faoi deara nach bhfaightear locht ar bith ar na héadaí per se iontu féin, astu féin, ina gcáilíocht féin. Níl siad go dona, ná gránna, ná áiféiseach, ná greannmhar, ná peacúil féin.

READ MORE

Sa chás is nach bhfuil aon argóint agat a gheobhadh an pas is ísle i mbunteistiméireacht mhachnaimh chriticiúil nua an aire oideachais, caitheann tú an focal is leimhe agus is uisciúla agus is ceomhaire a tharraingt chugat féin. Is é sin le rá, níl a gcuid éadaí, abraimis, cad é an focal sin a bhí uaim? - “oiriúnach”. Nó má tá sin rófhada mar fhocal do dhaoine nach féidir leo labhairt agus tochas a dhéanamh san am céanna, cad mar gheall ar, “cuí”?

Níl na héadaí a chaitheann Boy Barrett , Moing Flanagan ná Mick Wallet ag teacht le “dínit an tí”.

Níltear ina thinneas gur féidir cuireadh a thabhairt d’ollmhurdaróirí ar nós Ronald Reagan labhairt leo le briathra binne, nó dlíthe a reáchtáil a bhriseann an tír, nó dul a chodladh fad is atá maoin na háite á sciobadh ag ciobarláin de chearrbhaigh is ag bithiúnaigh de bhaincéirí, ach ní féidir le daoine a rogha éadaí a chaitheamh toisc gan iad a bheith “oiriúnach”, ná “cuí”, ná “ag teacht le dínit” an Oireachtais.

B’éigean do Tony Gregory an cath céanna a chur fadó nuair nach raibh sé sásta a mhuineál a thachtadh le carabhat. Ach oiread le Jackie Healy Rae a mhaígh na daoine a chaith vóta dó go mbíodh a ndinnéar acu i lár an lae, b’é dúirt Gregory na daoine a vótáil ar a shon nach gcaitheadh siad carabhat ar bith. A dhála céanna ag Pól Ó Foighil sa Seanad roimhe sin nuair a ghléas sé é féin i gcóta deas báinín ar shíl na faisistigh faisean agus piobar lena dtóin acu nach raibh sé “oiriúnach” ach an oiread. Nuair a d’áitigh sé go raibh sé “traidisiúnta” agus “Gaelach” ba dheacair cur ina choinne.

(Ní foláir, mar sin, i bhfochlásal éigin laistíos d’fhonóta ar chúl leathanaigh san reachtaíocht reamhar a bhaineann le héadaí dínitiúla incheadaithe go bhfuil fasach éigin luaite a ligeann do dhuine feisteas traidisiúnta Éireannach a chaitheamh in Oireachtas na nGael.)

An chosaint is mó a bheadh ag Mick Wallet maidir lena fholt breá scuabach ina ndlaoithe slaodúla mar ór go sáil ná go mbíodh na fíor-Ghaeil fíorghruagach. Chuir Reachtanna Chill Chainnigh cosc le gruaig fhada mar cheileadh sí pearsa an duine, cé gur mhó a nochtann sé Mick ná a mhalairt. Chonaic mé pictiúr de Mhuircheartach na gCochall gCraiceann uair amháin, agus ní chreidim nár Moing Flanagan ina chrutaon é. Ina choinne sin, ní shamhlaím fallaing bhreá dhaite ar Boy Barrett, b’fhé go dtiocfadh sé leis go seoigh.

Cá beag sin ná gurb é éagóir an chúrsa go ndírítear an amaidí seo ar fad ar na fir. Scaoiltear leis na mná go sleamhain slán. Is fíor go bhfuil tuiscint i bhfad níos ealaíonta ag mná ar chúrsaí éadaí ná mar atá ag fir, nó ní bheadh seacht gcinn de shiopaí faisin ann dóibh siúd in aghaidh gach ceann amháin do na mascalaigh. Cuireann bean a cuid éadaí uirthi ar maidin le grá is le cúram de ghnáth; caitheann mo dhuine air pé rud atá ar an urlár nó a ghreamaíonn de agus é ag léim tríd an vardrús. Tá cead ag mná a bheith gléasta go péacach agus gach dath faoin spéir á nochtadh acu go taibhseach. Tá cead acu gúna nó sciorta nó triús nó blús a bheith umpu. Tá cead acu a rúitíní a chur amach le bróga sálarda a bheadh ina n-uirlisí cogaidh dá mbeadh siad acu ina lámha.

Ach ní foláir do na fir bhochta cultacha de léithe Pháirc an Chrócaigh a bheith orthu, an seaicéad ag teacht leis an mbríste, an léine go cruinn leamh ar aon dath staidéartha stuama amháin, na bróga chomh snasta le smuga gloine, carabhat chomh righin le neamhphrionsabal.

Ní mhaím an filleadh beag dá thraidisúnta é, áfach, mar nochtfaí glúine Gael arbh fhearr iad a choimeád i bhfolach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar