Fagtha gan focloir

D'Fhoilsigh Foras na Gaeilge Foclóir Parlaiminte roimh an Nollaig

D'Fhoilsigh Foras na Gaeilge Foclóir Parlaiminte roimh an Nollaig. The European Language Initiative (TELI) a chuir ar fáil é le cabhair airgid (thart faoi £48,000) ó Rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine le linn do Mo Mowlam bheith ina stát-rúnaí sa Tuaisceart agus Éamon Ó Cuív ina Aire Stáit san Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Foclóir é atá dírithe ar lucht parlaiminte sa dá dhlínse in Éirinn, idir Theachtaí Dála, Chomhaltaí Tionóil agus Sheanadóirí. D'fhéadfadh sé bheith ina áis mhór ag lucht riaracháin parlaiminte, iriseoirí agus pobal na Gaeilge i gcoitinne ach fios bheith acu é bheith ann.

Is cúis mhór díomá do stiúrthóir TELI, Leo McNeir, a bhfuil ocht bhfoclóir den saghas céanna foilsithe aige, nár seoladh Foclóir Parlaiminte go hoifigiúil go fóill i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste.

Seoladh an foclóir parlaiminte Breatnaise - Geiriadur y Cynulliad - ag tús an fheachtas olltoghcháin sa Bhreatain Bheag in 1999. Bronnadh cóip ar gach iarrthóir parlaiminte agus baintear úsáid as go forleathan sa pharlaimint agus lasmuigh de.

READ MORE

Bhí searmanas beag i bPairlimint na hAlban i nDún Éidinn mí Bealtaine seo caite chun foclóir Gaeilge na hAlban a sheoladh. Bhronn Aire na Gàidhlig ansin, Alasdair Morrison MSP, cóip den fhoclóir ar an Leas-Spéicéir George Reid. Eagraíodh preasócáid do na meáin chumarsáide.

Nuair a bhí Foclóir Parlaiminte na hÉireann á chúr le chéile, chuathas i gcomhairle le Teachtaí Dála agus Seanadóirí sna páirtithe uilig agus le baill Chomhchoiste an Oireachtais don Ghaeilge agus glacadh le moltaí uathu.

Bhíothas ag súil go seolfaí an foclóir go poiblí i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath agus i Stormont i mBéal Feirste agus go mbeadh sé ina chomhartha ar an chomhoibriú atá ar siúl idir an dá rialtas ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.

Tá an chuma air anois gur beag fonn atá ar na polaiteoirí ó dheas, ná ar an Roinn a mhaoinigh é, go seolfaí an foclóir i dTeach Laighean.

Dúirt bainisteoir cumarsáide Fhoras na Gaeilge, Éamonn Ó hArgáin, gur mheas sé féin gurbh iad Tithe an Oireachtais an áit ab fhearr chun an Foclóir Parlaiminte Gaeilge a sheoladh ach mura bhféadfaí sin a dhéanamh go seolfaí in oifigí an Fhorais é agus go n-iarrfaí ar na polaiteoirí bheith i láthair.

Tá dhá eagrán den Fhoclóir Parlaiminte ann, ceann don Tuaisceart a bhfuil clúdach gorm air agus ceann don Deisceart a bhfuil clúdach glas agus cláirseach na hÉireann air. Ach tá na focail agus téarmaí mar an gcéanna sa dá eagrán.

Féachadh chuige go mbeadh an focalstór oiriúnach don dá dhlínse. I gcás focal nó téarmaí a mbeadh leagan ar leith i gCúige Uladh, tugtar an leagan sin, mar shampla, tá Ceann Comhairle agus Spéicéir ag freagairt do Speaker ann agus "garda", "póilín" agus "péas" ag freagairt do "police-officer".

Tugtar i gcónaí an dá fhoirm den tuiseal tabharthach, m.s., The cabinet deliberated on the matter. Rinne an chomhaireacht breithniú ar an gceist/cheist.

Timpeall 8,000 ceannfhocal Gaeilge atá ann agus an líon céanna ceannfhocal Béarla agus timpeall 2,000 sampla d'úsáid na gceannfhocal sin agus iad leagtha amach go slachtmhar sofheicthe.