Fadhbanna leis an ghinideach i nGaeilge agus i nGearmáinis

SCRÍOBH AN t-údar clúiteach, Seosamh Mac Grianna, gur éirigh sé as an mhúinteoireacht nuair a tháinig aisling chuige go raibh…

SCRÍOBH AN t-údar clúiteach, Seosamh Mac Grianna, gur éirigh sé as an mhúinteoireacht nuair a tháinig aisling chuige go raibh “an domhan mór cruacheangailte le téada a bhí teannta aníos agus síos agus crosach ar a chéile mar na línte atá i leabhair rollaí”.

Tá aisling ag teacht chuig an iriseoir seo go bhfuil an domhan mór céanna cruacheangailte le téada atá teannta aníos agus síos agus crosach ar a chéile mar na línte i bpreasráitis a fhógraíonn deireadh na Gaeltachta agus na Gaeilge agus tábhacht na straitéise 20 bliain.

Conas an lionn dubh a sheachaint, mar sin agus éalú ar an tubaiste? Bhí sé de bhua ag an fhile Mícheál Ó hAirtnéide gur thug sé droim láimhe leis an Bhéarla agus chuaigh le Gaeilge. Ach cén Gaeilgeoir atá ag iarraidh droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge agus dul le Béarla buí na banríona?

Shocraigh mé féin go raibh an t-am agam snas a chur ar mo chuid Gearmáinise agus thug faoi chúrsa ar na mallaibh.

READ MORE

Tá cúpla cuspóir leis an dúil chun foghlama. Sa chéad dul síos, ba bhreá liom comhrá a dhéanamh faoi theanga eile agus i dteanga eile nach mbaineann le Gaeilge nó le Gaeltacht.

Ba mhaith liom fosta bheith ábalta focail mhóra ar nós Schadenfreude agus Weltanschauung a úsáid mar a bheadh intleachtach ann. Agus sa chás go dtiteann an tóin as an Ghaeilge – bíodh straitéis 20 bliain ag an Rialtas nó ná bíodh – beidh deis agam feartlaoi na teanga a scríobh i dteanga dhomhanda.

Ar ndóigh, is minic a deir daoine go bhfuil cuid mhór gramadaí i gceist le foghlaim na Gearmáinise. Ach is cosúil nach bhfuil an oiread ann anois agus mar a bhíodh. Dúirt ár dteagascóir leis an rang go raibh an tuiseal ginideach ag fáil bháis sa Ghearmáinis, go raibh foirmeacha níos simplí den ghinideach in úsáid ag lucht labhartha na Gearmáinise – rud a chiallaíonn gur fusa an Ghearmáinis a fhoghlaim ná an Ghaeilge.

Wunderbar!