Féile na Bealtaine

TÁ RACHEL Ní Fhionnáin, ball de choiste oibre Fhéile na Bealtaine, ag súil le bheith sa Daingean i gCiarraí amárach díreach in…

TÁ RACHEL Ní Fhionnáin, ball de choiste oibre Fhéile na Bealtaine, ag súil le bheith sa Daingean i gCiarraí amárach díreach in am do thús na féile ealaíon in Iarthar Duibhneach.

D’fhág Rachel agus a cairde Bun Crannacha i dtuaisceart Dhún na nGall Dé hAoine seo caite agus faoin am a bhainfidh siad ceann scríbe amach don oscailt oifigiúil, beidh nach mór seachtain tugtha acu ag rothaíocht, ag bailiú airgid ar mhaithe le carthanacht agus ag scaipeadh shoiscéal na féile Bealtaine.

Ag déanamh a slí ó Chathair na Mart go dtí an Spideál i gConamara a bhí Rachel nuair a labhair sí leis an gcolún seo arú inné:

“Seo an ceathrú lá ar an mbóthar againn agus an plean atá againn ná bheith sa Daingean Déardaoin don oscailt. Ag bailiú airgid d’Ospís Chiarraí agus Bhaile Átha Cliath atáimid. Mholfainn d’éinne a bhfuil cúpla lá saor acu an deireadh seachtaine seo teacht go Corca Dhuibhne chun an fhéile a bhlaiseadh.

READ MORE

“Féile ar leith atá ann, féile an-difriúil. Cloistear ceol agus filíocht ar na sráideanna. Ní ar mhaithe le hairgead nó aon rud mar sin atáimid, rud a fhágann gur féile réchúiseach í atá dírithe go hiomlán ar cheiliúradh a dhéanamh ar na healaíona agus ar an gcultúr.

“Beidh idir ceol, drámaí, taispeántais, scannáin agus imeachtaí litríochta ar siúl ar fud na leithinise le linn an deireadh seachtaine.”

Ba é athair Rachel, an Dochtúir Mícheál Fanning, a chuir tús le Féile na Bealtaine i 1994.

Nuair a cailleadh Fanning anuraidh chaill pobal Chorca Dhuibhne file agus ceannródaí.

Ach, i measc an-chuid rudaí eile, d’fhág sé le huacht ag a phobal féile ealaíon a bhfuil cáil an neamhspleáchais agus na héagsúlachta uirthi, cáil atá ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana.

Beidh oíche in ómós do Fanning ar siúl Dé Domhnaigh in Óstán na Sceilge mar chuid den fhéile i mbliana. Déanfaidh scoth na gceoltóirí, na n-amhránaithe agus na bhfilí ceiliúradh ar a shaol agus a shaothar.

Anuas ar an iliomad imeachtaí cultúrtha le healaíontóirí ó Chorca Dhuibhne agus na ceithre hairde, tá siompóisiam polaitíochta ar an dtéama “An bhfuilimid ábalta don bhféinrialú?” beartaithe d’Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin don Luan.

I measc na gcainteoirí a labhróidh ar an ábhar seo beidh an staraí aitheanta Diarmaid Ferriter agus an Feisire Eorpach, Brian Crowley.

Idir an dá linn, tá an 40ú Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach faoi lán seoil i gCorca Dhuibhne agus imeachtaí éagsúla ceoil agus cultúrtha ar siúl ar fud na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo.

Mar chuid den fhéile beidh siompóisiam ar “Forbairt Réigiúnach sna Ceantair Mionteangacha” ar siúl in Óstán na Sceilige sa Daingean Dé hAoine.

Eolas: www.feilenabealtaine.ie nó www.panceltic.ie