Fáilte don Rialtas

CHUIR CONRADH na Gaeilge fáilte roimh cheapadh Jimmy Deenihan, TD, ina Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus…

CHUIR CONRADH na Gaeilge fáilte roimh cheapadh Jimmy Deenihan, TD, ina Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Dinny McGinley, TD, ina Aire Stáit ar Ghnóthaí Gaeltachta an tseachtain seo caite.

Dúirt uachtarán an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa, gur mhol siad an Rialtas nua as seasamh leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge trí Aire sinsearach a cheapadh agus Roinn Rialtais a choinneáil ar a mbeidh “lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta fós ann – tá sé ríthábhachtach don teanga go mbeadh ionadaíocht aici agus ag an nGaeltacht ar choiste comhaireachta an Rialtais”.

Chuir an t-eagras fáilte mhór roimh cheapadh McGinley le freagracht ar leith aige as gnóthaí Gaeltachta nó bhí McGinley ina bhall d’Fhochoiste an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a d’ullmhaigh tuairisc ar an straitéis 20 bliain.

Thug an t-eagras le fios go raibh “idir thaithí agus thuiscint” ag McGinley ar chúrsaí Gaeltachta mar pholaiteoir agus mar chainteoir dúchais as Dún na nGall.

READ MORE

Thuig McGinley go maith an phráinn a bhain le moltaí na straitéise 20 bliain a chur i bhfeidhm agus léirigh cinneadh an Rialtais Aire Stáit a cheapadh le freagracht ar leith as cúrsaí Gaeltachta go raibh siad le haghaidh “a thabhairt ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a chur a chun cinn”.

Bhí an brúghrúpa, Guth na Gaeltachta, ar aon fhocal leis an Chonradh faoin dá cheapachán.

Dúirt cathaoirleach an ghrúpa, Éamonn Mac Niallais, gur thug McGinley tacaíocht leanúnach don ghrúpa agus iad ag stocaireacht ar son na teanga; thuig McGinley go maith an ghéarchéim a bhí roimh an teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt sé go raibh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh ionadaíocht ag an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag Bord an Rialtais.