Euros Annee

Beocheist: The French were not up to speed with the introduction of the euro - to thebenefit of some, writes Seán Ó Briain…

Beocheist: The French were not up to speed with the introduction of the euro - to thebenefit of some, writes Seán Ó Briain

Euros Année - imeartas focal ar "Heureuse Année", athbhliain faoi mhaise - an bheannacht a bhí na féilteoirí á tabhairt dá chéile ar an Champs Elysées i bPáras na Fraince Oíche Chinn Bhliana.

Oíche chinniúnach a bhí ann gan aon agó agus milliún duine ann - idir thurasóirí agus Fhrancaigh - chun fáilte a chur roimh an bhliain úr agus airgead reatha nua leis.

Bhí Meiriceánaigh, Astrálaigh, Sínigh agus corrÉireannach féin ina measc.

READ MORE

Ach in ainneoin na sluaite móra agus na buidéil Champagne ina nglac acu, ní raibh trioblóid ar bith ann.

Ní raibh éinne ar meisce, ach daoine ag canadh agus ag beicíl gach uair a phléasc ealaín tine draíochta os a gcionn.

Thíos sa teach tábhairne Éireannach - an "James Joyce" - bhí cúrsaí ciúin go leor. Ní raibh ach thart faoi scór duine - Briotanaigh a bhformhór - sa phub agus iad ag éisteacht le ceol ón mbanna áitiúil Classe X, nó "Classics" mar is fearr aithne orthu.

Bhí sé soiléir gur thábhachtaí an ceiliúradh a bhí lasmuigh ná laistigh.

De thoradh cúrsaí slándála bhí na céadta póilíní bailithe timpeall ar an Arc de Triomphe agus é dúnta do thurasóirí agus bhí cosc ar thrácht ar an bpríomhbhóthar féin.

An rud céanna thíos ag an Túr Eiffel, áit a mbíonn an taispeántas agus an ceiliúradh is fearr ann de ghnáth.

Oíche fhuar lán-ghealaí a bhí ann ar dtús, ach mar a déarfadh an Ríordanach féin b'fhéidir, níorbh fhada gur thit réal na gealaí isteach i scamall sparán na hoíche. Bhí meán oíche buailte linn.

Thosaigh bonnáin na gcarranna ag séideadh ar fud Pháras. Thug daoine aghaidh ar an ATM chun breith ar nótaí úrnua euro ach, má thug féin, is díomá a bhí ar a bhformhór mar ba nótaí Franc a tháinig amach as an gcuid is mó acu.

An lá dár gcionn, bhí deis againn euro a chaitheamh sa chorrshiopa a bhí ar oscailt. Bhí sé soiléir gur Francs a bhí in úsaíd don chuid is mó, áfach.

Chuir na siopadóirí fáilte roimh an airgead úr ach bhí moill fhada i gceist agus bhí dul amú ar go leor acu leis.

Trí huaire tugadh an briseadh mícheart dom - bhí na Francaigh rófhial an uair seo - agus níor ghlac siad riamh leis go raibh botún déanta acu.

Ina theannta sin, níor ghlac na méadair pháirceála ach leis na seanbhoinn Fhrancacha. Dá bhrí sin, d'fhill mé ar an óstán ní ba shaibhre ná riamh!

An lá dár gcionn, bhí cúrsaí níb fhearr. Bhí scuainí ar leith ann sna hollmhargaí do lucht euro agus lucht an Fhranc ach, fós féin, bhí siopaí ag tabhairt an tseanbhriseadh Fhrancaigh amach, cheal sóinseála.

Chuaigh na hoibrithe bainc ar stailc ar feadh leath lae freisin.

Is Eorpaigh dhílse iad na Francaigh, ach tá féith an tírghrá go smior iontu freisin. D'imir na Francaigh cleas cliste agus iad ag aistriú go dtí euro.

Roimhe seo, bhí Franc agus centimes in úsáid acu agus nuair a ghlac siad leis an airgead reatha úr thug siad euro agus centimes go hoifigiúil orthu freisin.

TUIGEANN na Francaigh an luach atá ar centimes agus ní nach ionadh mar sin gur tógadh raic thuas i gcaifé in aice leis an Sacré Coeur an tráthnóna sin.

Bhí slua Astrálach ann agus d'fhág siad síneadh láimhe don fhreastalaí ar a mbealach amach. Bonn 20 seancentimes (nó dhá cent) a fágadh ar an tábla don fhear bocht. D'fhoghlaim mé a lán eascainí Fraincise an lá céanna.

Ar an nuacht teilifíse an oíche sin, bhí cur síos ar chíréibeanna i mbruachbhaile suarach gar do Strasbourg. Chuir déagóirí 50 carr trí thine ann ar oíche Chinn Bhliana.

I sráidbhaile eile i Lorraine phléasc daoine óga díomhaoine trí mhionbhuama in áiteanna poiblí.

Fiú i ré seo an euro beidh an saibhir agus an daibhir linn i gcónaí.