Eiri na greine

Crobhingne: Chuir sé iontas riamh orm nach raibh focal ar bith ag na Seapánaigh ar "karaoke"

Crobhingne: Chuir sé iontas riamh orm nach raibh focal ar bith ag na Seapánaigh ar "karaoke". Bhí mé ag iarraidh dornán focal den teanga a fhoghlaim nuair a chaith mé tréimhse ghairid ann tá cúpla bliain ó shin ann.

Stopainn daoine ag siúl na slí agus d'fhiafraínn díobh cén t-ainm a bhí acu ar na crainn bheaga lámh-mhaisithe úd. Deireadh siad "bonsai", gan amhras, leis na dea-bhéasa sin is dual dóibh. Theastaigh uaim a rá leo nár ghá dóibh a bheith chomh dea-bhéasach sin is a ligean orthu go raibh na focail chéanna acu siúd is a bhí againne.

Clár na mbialanna féin is i mBéarla a bhí an chuid is mó díobh, seachas a raibh de híriglificí smeartha ar imeall an leathanaigh. Bhí "chicken tariaki" agus "sushi" chomh coiteann agus atá sa bhaile, agus mise ag dúil go raibh bia dúchais acu. Chuaigh mé ag lorg anraith inchinne moncaí ach dúirt siad nár shealbhaigh siad béasa eachtrannacha fós. B'fhearr liom uimhir a dó is fiche, ach bhí mé sa tír mhícheart.

Ina choinne sin, chuir sé áthas nach beag orm a fhoghlaim go raibh ainmneacha Éireannacha ar sciar dá nósanna féin. Bhí siad féin an-tugtha do dhuine darb ainm "Harry Carey" tá tamall ó shin (lántaca do Thiobrad Árann, sílim, uair dá raibh), ach deirtear liom go bhfuil lorg a lámha ag dul ó chion de réir a chéile.

READ MORE

Chuaigh Seán Ó Loingsigh ar thuras chun na Seapáine nuair a bhí sé ina Thaoiseach agus labhair sé ar na "ceangail láidre chultúir" idir an dá thír. Ba dhóigh leat gur óráid ghairid a bheadh ann, ach tá slite ag státseirbhísigh le stuáil a dhéanamh ar chaint.

Pé rud eile a bhí ar a fud ní raibh aon trácht ar Phierre Loti ann, an scríbhneoir Francach a léirigh don Chriomhthanach (adeirtear) go bhféadfaí gnáthshaol an iascaire a bhreacadh go healaíonta. D'aistrigh Máire an Pierre céanna go Gaeilge ina dhiaidh sin, ach níor chuaigh sé i bhfeidhm ar iascairí eile in aghaidh a dtola sna hinsí ó dheas, mar tháinig Gaeilge Chonnacht eatarthu, ní foláir.

B'é Loti a threisigh ar an tuiscint gur dhaoine neamhchoitianta iad na Seapánaigh, rómánsaigh ar imeall an domhain ar nós mhuintir an Bhlascaoid, fad is go n-aithneoimis soir seachas siar. Scríobh sé úrscéal darb ainm Madame Chrysanthème nár aistrigh an Gúm go Gaeilge. Dá ndéanfadh, gach seans is go dtiocfadh Puccini Gaelach éigin le ceoldráma a dhéanamh as agus go mbeadh "Bean Uí Fhéileacáin" á léiriú ar stáitsí an domhain.

Ní fios anois, agus nach cuma, cad dúirt an Loingseach an uair úd. Ach bí deimhnitheach de gur luadh an Yeatsach agus an Téatar Nó, arbh ainm ardoirúnach é ar an saghas neamhdhrámaíochta a bhí ann; aghaidh fidil á caitheamh ag aisteoirí mar a bheadh páistí ag cóisir lae breithe agus monabhar manachúil melleriach d'fhonn mistéir éigin a cheangal leis. B'fhéidir go bhfuil ciall éigin uair umá seach géilleadh do na síóga agus do na sprideanna amach as eicteaplasm bean Uí Bhlabatski, ach tá teora leis an tslí ar féidir leis an gcultúr taisteal.

Chonaic mé féin bainis "Eorpach" á déanamh i séipéal Caitliceach in Kyoto. An bhrídeog chomh geal le bainne, an fear aici chomh dubhfhoirmeálta is nach n-iarrfadh do shúil a bheith. Ach ní séipéal a bhí ann, ach óstán, agus ní sagart a bhí sa neach ceannais ach fostaí gléasta ina chuid róbaí geala. B'intabhartha faoi deara Santa Claus tairneáilte de chrois os cionn dorais ollmhargaidh aimsir na Nollag in Tóiceó.

Deacair don chultúr éargnaí taisteal fada buan a dhéanamh gan iomlaoid mhór dul air. Faraoir, fanann an cultúr míleata mar atá. Rinne na Seapánaigh féin gabháltas ar a mbundúchasaigh féin, an Anu, atá anois ar ghruagharbh thuaisceart na tíre i bpoll dá gcuid féin. Rinne siad gabháltas ar fhormhór oirthear Áise aimsir an domhanchogaidh roimh an gceann seo. Rinneadh scrios orthu agus leachtaíodh daoine ar chlocha; scáilíodh na sluaite sa slad.

Dhéantaí máirseáil síochána gach Lúnasa in Hiroshima mar chuimhne ar an uileloscadh. Cuireadh stop leis aimsir an chogaidh in aghaidh na Cóiré Thuaidh; tá stop á chur leis anois arís. Tá na Seapánaigh ag triall go míleata ina mílte ar an Iaráic agus eatal gaoithe beannaithe laistiar díobh, cladach na bpéarlaí ola leata os a gcomhair amach ina ghéiseadh cuain.

Cad é an tSeapáinis ar "kamikaze", n'fheadar, nó níos oiriúnaí fós, ar "íoróin"?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar