Eamon, Aire

Cad é an Ghaeilge atá ar "Back to the Future?" Sin an rud a rith leis an cholúnaí seo ar chluinstin na nuachta go raibh Éamon…

Cad é an Ghaeilge atá ar "Back to the Future?" Sin an rud a rith leis an cholúnaí seo ar chluinstin na nuachta go raibh Éamon Ó Cuív ceaptha ina Aire ar Roinn nua agus cúrsaí Gaeltachta faoina chúram.

B'aisteach an rogha é. Cinnte, tá spéis aige i gcúrsaí teanga agus Gaeltachta. Tá sé ar an bheagán polaiteoirí a chuireann an trioblóid air féin plé leis na cúrsaí seo go rialta.

Mar sin féin, is aisteach gur chinn an Rialtas ar chúram Gaeltachta a chur air i ndiaidh dóibh an cúram céanna a bhaint de le linn ré an rialtais dheireanaigh. Is ait an mac é an pholaitíocht.

Tá dhá phíosa oibre ina luí ar a dheasc cheana féin ag an Aire: an Bille Teanga agus tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta.

READ MORE

Tá seaneolas ag Ó Cuív ar an Bhille céanna. Faoi a bheidh sé an reachtaíocht a thabhairt chun blátha le linn shaolré an Rialtais seo. Bhí tuairimíocht ann roimhe seo nach ndéanfaí dlí den Bhille go deo mar nach raibh an toil pholaitiúil ann chuige. Tá deireadh leis an leithscéal áirithe sin.

Is anois a thosóidh feachtas na n-eagras teanga as an úr. Cheana féin, tá cáineadh déanta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Foras na Gaeilge ar an Bhille. Measann siad go bhfuil an reachtaíocht easnamhach.

Lena chois sin, tá tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta foilsithe. Chaith an Rialtas go tútach leis an tuairisc chéanna go dtí seo. Sileadh cuid den ábhar go neamhoifigiúil agus ba go míshlachtmhar a seoladh sa deireadh í.

Tá rud amháin soiléir faoin tuarascáil sin - ní chuirfidh Ó Cuív a moltaí i dtaca le hatarraingt teorainneacha Gaeltachta i bhfeidhm. Dúirt Ó Cuív ar RnaG gur mheas sé gur cheart aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantar ar bith a raibh 10 faoin gcéad den phobal ina gcainteoirí Gaeilge ann.

Is ionann an ráiteas sin agus droim láimhe a thabhairt le cuid de phríomh-mholtaí an Choimisiúin, is é sin, gur cheart aitheantas Gaeltachta a thabhairt do cheantar a raibh leath den phobal ina gcainteoirí Gaeilge ann.

Cá mhéad moladh eile de chuid an Choimisiúin - coimisiún a bhunaigh Ó Cuív féin - nach gcuirfear i bhfeidhm? Ba náireach dá ligfí an obair le sruth. Tá ábhar athbheochana ina cuid leathanach - ach an toil bheith ann na moltaí a chur i bhfeidhm.

Gan amhras, beidh dea-thoil na n-eagras Gaeilge leis an Rialtas nua. Tá go leor Airí le Gaeilge ann. Tá garmhac le de Valera, Ó Cuív, sa chaibinéad agus garmhac Eoin Mac Néill, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge, Michael McDowell, ina chuideachta.

Beidh na heagrais ag súil le cluas le héisteacht ag an leibhéal is airde Rialtais. An éistfear leo?