Ealaín Idirlín

TÁ AN grúpa abhcóideacha i mBéal Feirste, Pobal, ag iarraidh bunachar sonraí ar líne a chur le chéile d’ealaíontóirí Gaeilge. …

TÁ AN grúpa abhcóideacha i mBéal Feirste, Pobal, ag iarraidh bunachar sonraí ar líne a chur le chéile d’ealaíontóirí Gaeilge. Dúirt comhordaitheoir ealaíon an ghrúpa, Cormac Ó Briain, leis an cholún seo go raibh siad ag iarraidh oiread eolais a chur ar fáil faoi ealaíontóirí agus ab fhéidir: “Sórt siopa aon stop do na healaíona Gaeilge a bheidh ann.”

Bhí an grúpa ag iarraidh go mbeadh eolas ann do dhaoine a bhí ag reáchtáil ócáidí Gaeilge. Mar shampla, thiocfadh le daoine a bhí i mbun féile sonraí file nó scríbhneora a aimsiú nó thiocfadh le daoine a bhí ag léiriú dráma teagmháil a dhéanamh le hinnealtóir fuaime, tógálaí seite nó teicneoir solais.

D’iarr sé ar lucht na Gaeilge san earnáil, thuaidh nó theas, dul ar líne ag www.pobal.org, foirm chlárúcháin a íoslodáil agus í a sheoladh ar ais chuige.

Agus tá an compántas drámaíochta i mBéal Feirste, Aisling Ghéar, ar lorg thuairimí an phobail faoina gcuid oibre féin. Tá an compántas ag iarraidh ar dhaoine a bhfuil spéis acu sa drámaíocht ceistneoir a fhreagairt – cad iad na buanna atá againn?; cad iad na laigí? agus cad é ba mhaith leat muid a chur i gcrích? – agus an t-eolas a chur ar ais chuig carrie.anne@aislingghear.com

READ MORE

TABHARFAIDH ANtOllamh Alan Titley léacht ar "Ról na nÍosánach i gCúrsaí Gaeilge agus Foclóireachta" tráthnóna inniu ag 7pm sa Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.

Beidh aird ar leith aige ar an bheirt scoláirí, Pádraig Ó Duinnín agus Lambert Mac Cionnaith.

Tá an léacht á thabhairt mar chuid de chomóradh 100 bliain Timire an Chroí Ró-Naofa, an iris Ghaeilge is sine dá bhfuil ann. Beidh sóláistí roimh ré ag 6pm. Saorchead isteach.