Dushlan ollscolaiochta

Tá ionad Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, FIONTAR, ag eagrú comhdhála - "Ollscolaíocht Ghaeilge: dúshláin agus léargais…

Tá ionad Gaeilge Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, FIONTAR, ag eagrú comhdhála - "Ollscolaíocht Ghaeilge: dúshláin agus léargais" - mar chuid den díospóireacht faoin bhealach is fearr le hoideachas tríú leibhéal a chur ar fáil i nGaeilge.

Beidh an ócáid ar siúl Dé hAoine 7ú agus Dé Sathairn 8ú Feabhra, 2003.

Díreoidh na léachtaí ar na straitéisí is gá, ar bhonn uile-Éireann, le freastal ar phobal scaipthe teanga. Tá cuireadh chun cainte curtha ar shaineolaithe atá ag plé leis an earnáil seo in Éirinn agus i dtíortha eile a bhfuil teanga neamhfhorleathan á labhairt inti.

Beidh réimse leathan cainteoirí ag roinnt a gcuid saineolais. Is é an Dochtúir Miquel Strubell i Trueta, Universitat Oberta de Catalunya, Barcelona, an t-eochairchainteoir. Beidh iondaithe eile ón Bhreatain Bhig agus ó Thír na mBascach i láthair.

READ MORE

Ní mór clárú roimh an Aoine 17ú Eanáir. Eolas: John.Walsh@dcu.ie