DUP in éadan acht teanga sa Tuaisceart

Tuarascáil: Ní bheidh Acht Gaeilge ar bith do Thuaisceart Éireann

Tuarascáil:Ní bheidh Acht Gaeilge ar bith do Thuaisceart Éireann. Ag caint i mBéarla i dTionól Thuaisceart Éireann maidin inné, dúirt an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíocha, Edwin Poots (DUP), go raibh amhras air gurbh í reachtaíocht an bealach ab fhearr le forbairt na Gaeilge a chur chun cinn: "...I remain unpersuaded that there is a compelling case for bringing forward Irish-language legislation at this time."

Dúirt sé go bhfuair sé 11,000 freagra scríofa ar phróiseas comhairliúcháin i leith an achta. Bhí 65 faoin gcéad (7,500) acu sin i bhfábhar "some form of legislation" agus bhí 35 faoin gcéad (4,129) ina éadan sin: "It is my assessment that the proposal to introduce Irish language legislation at this time is unlikely to command the necessary support in the Assembly on the grounds of being incapable of securing sufficient consensus."

Lean díospóireacht sa Tionól i ndiaidh a ráitis. Dúirt Poots nach raibh rud ar bith caillte ag lucht na Gaeilge. Bhí meath ar úsáid na Gaeilge sa Phoblacht agus bhí reachtaíocht teanga acu. Dúirt Nelson McCausland (DUP) go raibh an reachtaíocht a bhí molta "devisive" agus "very expensive".

Labhair baill Shinn Féin agus an SDLP i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, go mbeadh acht Gaeilge ann "ar bhealach amháin nó bealach eile". D'fhiafraigh sé de Poots an raibh "eagla air roimh an teanga?" Dúirt Barry McElduff (SF) go raibh "feall déanta ar an Ghaeilge sa Tionól seo"; b'ionann an cinneadh agus "mistake" agus "retro-grade step".

READ MORE

Dúirt Dominic Bradley (SDLP) nár chuir cinneadh Poots "mórán iontais" air agus gur thuig Poots "the cost of everything and the value of nothing". Dúirt a chomhghleacaí páirtí agus comhalta Fhoras na Gaeilge, Patsy McGlone, nach raibh ar siúl ag Poots "ach leithscéal i ndiaidh leithscéil" gan an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tháinig cinneadh Poots sna sála ar rún a rith ball tionóil de chuid na nAontachtaithe Uladh (UUP), David McNarry, gur cheart cosc a chur ar labhairt na Gaeilge sa Tionól. Theip ar an rún sin nuair a chuir Sinn Féin, an SDLP agus an Alliance (páirtí beag aontachtúil) ina éadan.

Tamall roimhe sin arís, d'fhógair aire sláinte an Tuaiscirt, Michael McGimpsey, (UUP) deireadh bheith le fógraíocht Ghaeilge a roinne. (Iar-aire cultúir é McGimpsey a raibh cúram na Gaeilge air roimhe seo.) Bíodh is go raibh deireadh le preasráitis agus fógraí Gaeilge, ghlacfadh a roinn le comhfhreagras i nGaeilge go fóill.

Léiríonn na himeachtaí seo uilig na deacrachtaí leanúnacha a chiapann cur chun chun cinn na Gaeilge sa Tuaisceart go fóill - bíodh is go bhfuil ceist na teanga in ainm is a bheith á plé ar bhonn 'uile-Éireann'.

Ag scríobh ar cholún litreacha an nuachtáin seo an Nollaig seo caite, rinne príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, gearán faoi thagairtí diúltacha dá eagras sa cholún seo.

Chosain sé an Foras, á rá: "Foras na Gaeilge is committed to the promotion of the Irish language . . . the opportunities afforded by Foras na Gaeilge's all-island remit are obvious to almost all - except your Irish language editor . . . the Belfast Agreement was an all-party agreement which had cross-community support. Moreover, from our experience, there is an appreciation across the political spectrum, North and South, of the importance of all-island co-operation through the implementation (or 'cross-border') bodies and of the opportunities which such co-operation presents."

Is é an donas, áfach, nár chomhaontú uile-pháirtí é Comhaontú Aoine an Chéasta - agus a thoradh sin le feiceáil inné. Margadh é a rinneadh idir an SDLP agus na hAontachtaithe Uladh (UUP) go príomha. Bhí inchur ag Sinn Féin ann - ó thaobh bhunú Fhoras na Gaeilge mar shampla - ach níor ghlac Sinn Féin leis an chomhaontú go dtí go bhfuair siad an lámh in uachtar ar an SDLP. "Tadhg an dá Thaobh" an polasaí a bhí acu ina leith.

Ach ba loime cur chuige an DUP: chuir siad go gníomhach in éadan an chomhaontaithe - go fiú is gur chuir siad picéad ar Fhoras na Gaeilge mar agóid in éadan "all-island co-operation". Maireann a gcuid pleananna cultúrtha reoite áit éigin idir 1690 agus an ficsean polaitiúil sin, Ultais.

Píobairí an aon phoirt iad Sinn Féin agus a gcór Gaelach nach bhfuil ar a n-iúl acu ach plean cultúrtha Chumann na nGaedhael circa 1922 a chur i bhfeidhm. Bíonn siad glórach ina gcáineadh ar aontachtaithe agus níl sa churfá acu le náisiúntóirí ach "bíodh muinín agaibh asainn ar cheist na Gaeilge"? Cad chuige? Bhí siad contráilte faoi chúrsaí póilíneachta, críochdheighilte agus foréigin.

Léiríonn caint Poots agus mórán eile polaiteoirí aontachtúla inné gur ar éigean go bhfuil aon "appreciation across the political spectrum" nó "cross-community support" don Ghaeilge. Tá ceist na teanga arís ina cogadh dearg idir náisiúntóirí Shinn Féin agus an SDLP ar thaobh amháin agus aontachtaithe DUP agus Oifigiúla ar an taobh eile. Muidinne agus sibhse. Sin chomh bunúsach agus atá an 'plé'.

Faoin Fhoras atá sé caidreamh taidhleoireachta a bhunú agus ceannasaíocht chiallmhar thrasphobail a thabhairt.

Chuir an Foras dhá aighneacht ar cheist an achta faoi bhráid roinn Poots ach níor bhuail príomhfheidhmeannach an Fhorais le hEdwin Poots ó ceapadh Poots mí Bealtaine na bliana seo. Dúirt urlabhraí as roinn Poots: "The minister has not met him and I don't think there has been an invitation from the CEO since Poots arrived."

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais go raibh "roinnt mhaith teagmháil neamhoifigiúil idir an príomhfheidhmeannach agus oifigigh de chuid na roinne, ní raibh aon chruinniú oifigiúil againn leo maidir leis an acht". Tá cruinniú beartaithe don mhí seo chugainn.

Beidh deis ag an bheirt acu, faoi dheireadh, ceist na teanga a phlé. Is é an trua - agus an t-iontas - nach raibh cruinniú acu roimhe seo.

Cré na Cille i gConamara

Tá an scannán de Cré na Cille, an leabhar is cáiliúla a scríobh Máirtín Ó Cadhain, le taispeáint ina áit dhúchais in Amharclann Chois Fharraige ag 8.15pm ar an Chnoc san oíche amárach agus oíche Aoine, cothrom an ama a fuair sé bás. Robert Quinn a rinne an scannán le Ciarán Ó Cofaigh ón chomhlacht scannánaíochta Rosg agus is i gceantar Chois Fharraige a rinneadh an scannánaíocht le linn samhradh 2006. I measc na n-aisteoirí atá le feiceáil sa scannán tá Bríd Ní Neachtain, Peadar Ó Treasaigh agus Joe Steve Ó Neachtain.

Bhí Cré na Cillele feicéail ar fhéilte scannán ó tháinig sé amach ach seo é an chéad uair a bheidh an scannán le feiceáil ar an scáileán mór i gConamara. Is é Club Scannán Sailearna atá ag eagrú na hócáide agus is féidir suíocháin a chur in áirithe ach glaoch nó téacs a chur ar cheachtar den dá uimhir seo: 086-4048881 nó 087-8168629

aighneacht submission - cinneadh decision - curfá chorus

deacracht decision - féile festival - tábhacht importance