Dubh, glas agus bán - cuimhní ar chogadh

Crobhigne: Nuair a dhéantar comóradh, an tráth seo bliana, ar na saighdiúirí a maraíodh (agus a mharaigh) le linn an chéad domhanchogaidh…

Crobhigne:Nuair a dhéantar comóradh, an tráth seo bliana, ar na saighdiúirí a maraíodh (agus a mharaigh) le linn an chéad domhanchogaidh bharbartha, cad é go díreach atá á chomóradh? Cuirtear inár láthair é mar chuimhneachán neamhurchóideach, go díreach go bhfuilimid ag cuimhneamh orthu.

Duine ar bith a cheapann é sin caithfidh go bhfuil formhór a chuid cillíní inchinne scuabtha chun siúil ag tonn mhór amaidí. Níl a bhac ar dhuine ar bith ná ar shlua ar bith ná ar theaghlach ar bith cuimhneachán a dhéanamh ar dhuine dá muintir féin a fuair bás trí nó ceithre cinn de ghlúine ó shin, ach cuimhneamh a bheith acu air nó uirthi. Ar chúis éigin, ní dóigh liom gurb é sin atá i gceist le móradh an phoipín fola.

Ar chúis éigin ní dóigh liom gur cuimhne phearsanta atá i gceist le caitheamh an phoipín bharbartha úd. Ar chúis éigin nach dtuigim go rómhaith, braithim go mbaineann sé le máirseáil agus le míleatacht. Ar chúis shaonta eile, braithim go mbaineann sé le polaitíocht an lae inniu.

Níl aon dochar ann cuimhneamh siar ar na daoine bochta ar déanadh amadáin díobh nach mór 100 bliain ó shin agus a throid ar son rí agus ropaireachta, ach ceist eile ar fad is ea móradh a dhéanamh ar gach aon cheann den iliomad cogadh a raibh Vaimpíreacht na Breataine páirteach ann ó shin.

READ MORE

Go deimhin féin féinig féineach ní hiad na cogaí barbartha amháin roimh fhéasta mór fola an chéad willie mcbride all the fine young men the band played waltzing matilda chogadh a bhíonn á chuimhneamh ach cinn chomh gránna céanna roimhe sin.

In Albain go dtí le déanaí, thugtaí the Earl Haig Fund ar chiste an phoipín fola. Ó sea, arsa tusa, cérbh é an tIarla Dubhghlas Haig seo, agus cén fáth a gceanglófaí é le lá mór seo na barbarachta?

Bhí sé ag troid sa tSúdáin, is fíor, ach ba i gcoinne daoine dorcha é sin agus ní fios an mó duine a mharaigh sé, ach nach cuma? Seans maith go raibh Éireannaigh ina theannta, agus ba cheart cuimhneamh orthu siúd, leis, mar ní raibh an dara suí sa bhuaile acu seachas daoine dorcha a mharú.

Ach is san Afraic Theas a rinne sé an gaisce ba mhó, go háirithe sna campaí géibhinn a raibh sé i gceannas orthu agus ina bhfuair nach mór 30,000 bean is páiste bás den ocras agus de ghalair, ar an áireamh is lú. Bhí Éireannaigh ina arm siúd san Afraic Theas chomh maith céanna agus ba cheart a bheith mórálach astu sa ghnó a dhein siad go díreach is mar atá na Seapánaigh mórálach as Ridirí Bushido agus na Gearmánaigh ar son a gcosanta in aghaidh na Slavach ngránna.

Ach, gan amhras, ní samhail Bhreataineach í an poipín lofa, áitítear. Ait mar sin gur cuireadh go tréan i gcoinne phríomhaire Quebec nuair a chaith sí an Fleur-de-lis i dteannta an phoipín ghránna i mbliana, agus gur bhain sí anuas go pras é nuair adúradh go grod léi gur bhain seo le Vaimpíreacht na Breataine amháin. An é nach raibh sé de cheart ag na Francaigh a bheith chomh mórálach as a gcuid dúnmharaithe féin le haon chine eile?

Dhiúltaigh príomhaire na Banríochta saghas Aontaithe, Dáithí Camshrónach poipín an áir a bhaint anuas sa tSín anuraidh bíodh gur iarradh sin air mar chomhartha measa ar na daoine mí-ámharacha a mharaigh saighdiúirí an phoipín ina gcogaí sa tír sin.

Cad a bhí á chomóradh agus á chuimhneamh Dé Domhnaigh seo caite, mar sin? Tugtar le fios duit le focail mhilse agus le bréaga blasta nach bhfuil ann ach cuimhneamh ar na saighdiúirí a fuair bás. Má chreideann tú an méid sin, creideann tú fós in Santa Claus.

Is é atá ann iarracht leanúnach ag iarraidh a thabhairt le fios duit gur chogadh ar son an chirt ba ea an chéad domhanchogadh barbartha, go raibh uileloscadh na sibhialtach a dódh ina mbeatha sa Chéinia sna 1950í ceart go leor, nach raibh i sléacht Batang Kali (mar shampla amháin) sa Mhalaeisia ach eachtra aonair de na nithe sin a tharlaíonn ó am go chéile, buamáil sráidbhailte in Oman, díbirt mhuintir uile iomlán Diego Garcia an loch amach mar riachtanas polaitiúil agus mar sin de...

Má dhéantar comóradh ar oiread is Éireannach amháin a bhí páirteach in aon cheann ar bith de na gníomhartha barbartha sin, ba cheart dúinn náire go deireadh an tsaoil a bheith orainn.

Ach is measa gurb é atá sna cuimhneacháin bharbartha seo ná ullmhúchán don bharbaracht atá amach romhainn. Nuair a dhéanfar gal de na céadta míle Peirseach i gcionn tamall de bhlianta beidh poipíní an éirligh álainn á gcaitheamh le mórtas fós.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar