Duais Oireachtais

Bronnadh breis agus €50,000 ar scríbhneoirí i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar ócáid i mBaile Átha Cliath aréir. Bhuaigh…

Bronnadh breis agus €50,000 ar scríbhneoirí i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar ócáid i mBaile Átha Cliath aréir. Bhuaigh Ré Ó Laighléis an chéad duais €4,000 d'úrscéal, Ár i gCor Chomrua, agus thóg Manchán Magan an chraobh agus €2,500 as a leabhar taistil Baba-ji agus TnaG.

Tá an Rannóg Ficsean Do Dhaoine Óga roinnte idir trí aoisghrúpa. Bhuaigh Áine Ní Ghlinn (Fuadach); Seán Ó Dúrois (Cadavarian) agus Brian Ó Baoill (Sceimhlitheoirí) an chéad duais agus €3,000 an duine sna rannóga éagsúla sin.

Ba é Paddy Bushe a thóg an chéad duais as cnuasach filíochta, Gile na Gile, agus bhí rath ar shaothar bheirt fhilí eile: bhuaigh Gabriel Rosenstock an chéad duais de €3,000 sa rannóg Ábhar Léitheoireachta don Fhoghlaimeoir Fásta as Nasrúidín agus bhain Tomás Mac Síomóin an chéad duais, €2,500, as a chnuasach, An Stiúrthóir Ceoil agus Scéalta Eile.

Idir beirt a roinneadh an duaischiste €2,500 do dhráma nua raidió: Nuala Nic Con Iomaire as Rún agus Brian Ó Dochartaí as An Coileach ag Fógairt an Lae. Ba é Brian Ó Tiomáin a fuair an chéad duais de €2,000 do Script Teilifíse, Sea, a Aire.

READ MORE

Dúirt stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, gur thug "an tOireachtas ardán do scríbhneoirí na Gaeilge idir óg agus aibí.

"Is cuid lárnach d'fhéilire na bliana acu an ócáid seo ach ní bheadh ann do na comórtais gan rannpháirtíocht na scríbhneoirí, obair na moltóirí, agus an tacaíocht leanúnach ó na hurraithe go léir, Bord na Leabhar Gaeilge, ach go háirithe, a chaitheann go fial linn i gcónaí."

Fáilte don scoil

Chuir eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge, Gaelscoileanna, fáilte roimh chinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin, meánscoil nua lán-Ghaeilge, Gaelcholáiste Luimnigh, a aithint ó Mheán Fómhair na bliana seo chugainn.

Dúirt uachtarán an eagrais, Dónal Ó hAiniféin, go raibh stádas tuillte ag an choláiste agus mhol sé an tAire "as ucht cinneadh dearfach gasta a dhéanamh ina leith".

Freastalóidh an coláiste comhoideachasúil ar riachtanais Chathair Luimnigh agus an ceantar máguaird. Tá breis agus 1,000 páiste sna cúig bhunscoil lán-Ghaelacha i gcathair Luimnigh.

Beidh oideachas lán-Ghaelach dara leibhéal ar fáil do dhaltaí sa chathair den chéad uair le breis agus 30 bliain.

Leabhar Mór

Tá sraith imeachtaí ar siúl i mBéal Feirste le ceiliúradh a dhéanamh ar Leabhar Mór na Gaeilge atá ar taispeáint sa chathair faoi láthair.

Beidh oíche filíochta in Iarsmalann Uladh, Béal Feirste, san oíche amárach ag 7.30pm.

Tabharfaidh Bill Innes léiriú ar chian-fhilíocht na Gàidhlig agus léifidh Deirdre Learmont a rogha de thraidisiún filíochta na hÉireann.

Chomh maith leis sin, beidh Gearóid Mac Lochlainn agus Iain MacPherson ag léamh a gcuid filíochta féin sa dá Ghaeilge.

Beidh ceolchoirm le Mícheál Ó Súilleabháin, an Oriel String Orchestra agus an t-amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin, oíche Shathairn ag 7pm san ionad céanna. Tá na ticéid saor in aisce. Eolas: 048-90383046.

Cuirfidh Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, tús le séasúr nua drámaíochta san oíche anocht le dráma nua le Darach Ó Scolaí - Coinneáil Orainn. Bronnadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín ar Ó Scolaí as an saothar. Baineann an dráma le Seáinín, fear óg atá ar bís chun troda agus An Caiptín, seanfhear atá ag éirí tuirseach den saol agus de shíorchrá a chomrádaí óig. Tugann Ó Scolaí léargas ar chruatan na Gaeltachta san am atá le teacht; tagann ionadaí ón Roinn Gaeil, Gaeilge agus Gaelachais ar thóir na beirte chun deontas speisialta a bhronnadh orthu.

Beidh Coinneáil Orainn ar siúl go dtí Déardaoin, 13ú Deireadh Fómhair agus rachaidh sé ar camchuairt náisiúnta ina dhiaidh sin. Darach Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Ealaíne na Taibhdheirce, a stiúraíonn. Gach léiriú ag ag 8pm. Eolas: 091-563600.