Duais don dan

Tá Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí, Co Ros Comáin, ag tairiscint €1,000 ar dhán Gaeilge

Tá Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal na mBuillí, Co Ros Comáin, ag tairiscint €1,000 ar dhán Gaeilge. Seo an duais is mó ar domhan ar dhán aonair Ghaeilge, de réir lucht eagraithe na féile.

Tig le gach iomaitheoir an oiread dánta a chur isteach ar an chomórtas agus is mian leis ach ní ceadmhach iad bheith foilsithe roimh ré nó níos faide ná 70 líne.

Beidh an fhéile ar siúl idir an Aoine 30ú Aibreán agus an Luan 3ú Bealtaine. Beidh deis ag an fhile buach an dán a léamh go poiblí. Is é Cathal Ó Searcaigh an moltóir agus is é an Chéadaoin 18ú Feabhra an dáta deiridh iontrála. Eolas: www.strokestownpoetryprize.com nó 071-9633759.