Drama te bruite

Beidh dráma leis an iriseoir Eoghan Ó Néill, Úr Te Bruite, le feiceáil in Theatre Space @ the Mint, Plás Anraí, Baile Átha Cliath…

Beidh dráma leis an iriseoir Eoghan Ó Néill, Úr Te Bruite, le feiceáil in Theatre Space @ the Mint, Plás Anraí, Baile Átha Cliath 1, idir Dé Máirt 21ú Bealtaine agus Dé Sathairn 1ú Meitheamh. Gach léiriú ag 8 p.m.

Calaois agus caimiléireacht d'ardmhéaracht Bhéal Feirste is ábhar don chéad dráma seo ó pheann Uí Néill.

Dúirt an t-údar gur saothar "teannasach corraitheach ealaíonta atá ann a thugann léargas greannmhar tragóideach dúinn ar an dóigh a dtig le cathú na cumhachta fiú an duine is ídealaí a scrios." Eolas: 01-8729977